Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Chomh maith leis sin, chinntigh sé na codanna den lámhscríbhinn a bhreac na scríobhaithe Maghnus Ó Duibhgeannáin, Solamh Ó Droma agus Roibeartus Mac Síthigh. D’fhoilsigh sé ailt bhreátha ar oidhreacht liteartha Chonnacht bunaithe ar théacsanna ó Chín Dromma Snechtai go Leabhar na hUidhre (Cambridge Medieval Celtic Studies 16, 1988) agus ar ghnéithe de thraidisiún liteartha Ros Comáin ó Ghiolla Comáin Ó Conghallain go Cathal Óg (Comhdháil an Chraoibhín, 1994). Rinne sé iniúchadh (Éigse, 2002, 2010) ar an lámhscríbhinn leighis Leabhar Mhuintir Laidhe, agus ar na scéalta idir fhírinne agus bhréaga a bhain leis an gclann úd ··· Siar míle bliain rianaigh sé tús clann Uí Dhiarmada Ua Con Cheanainn ina dhiaidh sin. Bhí féith an mhórtais pobail agus an ómóis áite le rianú go láidir ina thiomantas iniúchadh a dhéanamh ar shainábhair a bhain lena cheantar féin, mar a fheictear sa mhionscagadh a rinne sé ar bhunús logainmneacha a bhaile dhúchais, ‘Leathbhaile Fearainn i gCois Fharraige’ (Dinnseanchas IV 1970–71). Scríobh Tomás sraith alt fíorthábhachtach (Éigse, 1973–4, 1975, 1984, 1996, 1997) ar Leabhar na hUidhre, an lámhscríbhinn lán-Ghaeilge is sine ar marthain
BestLebor na hUidre i gcló i 1929; ar éigean aon uimhir de Ériu sna blianta 1928–49 gan saothar leis ann; Tochmarc Étaíne, maraon le haistriúchán, i 1938; eagrán nua de A Grammar of Old Irish (Thurneysen) aistrithe aige féin agus Binchy ón nGearmáinis i 1946; i 1949 aistriúchán ag an mbeirt chéanna ar Old Irish Reader with a supplement to A Grammar of Old Irish (Thurneysen) agus an bhliain chéanna sin a eagrán deireanach de Old Irish paradigms and selections from the Old Irish glosses (Strachan)
Tá clár a shaothair in Celtica V (1960). Ar an saothar tábhachtach a raibh lámh aige ann tá: Lebor na hUidre (i gcomhpháirt le Bergin) (1929); Martyrology of Tallaght (i gcomhpháirt le Dean Lawlor) (1931); Seanchas Mar: the Ancient Laws of Ireland (i gcomhpháirt le Thurneysen) (1931); The Annals of Inisfallen (i gcomhpháirt le Mac Néill) (1933); The Book of Leinster (i gcomhpháirt le Bergin agus Micheál Ó Briain) (1954–67). Taobh amuigh den scoláireacht agus den leabharlannaíocht tá cáil air mar charachtar in Ulysses Joyce (“Mr Best entered, tall, young, mild, light
Quin, eagarthóir ginearálta an Fhoclóra ó 1953 go 1975, leis an saothar críochnaithe, gurbh é Marstrander a leag síos an bealach ina gcóireofaí an saothar, bealach ar cloíodh leis go deireadh. Bhí sé i gceist go réiteodh Best agus Marstrander eagrán de Lebor na hUidre ach b’éigean don Lochlannach éirí as
Deir Ó Conchúir nárbh óna athair a d’fhoghlaim sé an cheird ach gurbh é is fearr de na mic a thug an ealaín leis. Rinne sé cóipeanna de Leabhar na hUidhre, An leabhar breac agus An leabhar Laighneach don Acadamh