Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Bhí beirt de na hiníní, Agnes agus Maggie, i measc na ndaoine ar bronnadh duaiseanna agus teistiméireachtaí orthu ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh i mBéal Feirste 26 Meán Fómhair 1902. Ba iad na leabhair a scríobh Seán: Turas na croiche agus an Choróin Mhuire maille le dántaibh diadha (1892); Na hEipistil agus na soisgéil do na Domhnaigh agus na laetha saoire arna dtarraingt go Gaeilge (1904); An Cruinneolaí (1906); Leabhar filíochta fa choinne na scoil (1909) – dánta de chuid Phádraig Uí Bheirn a bhí bailithe le chéile aige; Beatha Naomh Adhamhnáin (1911)
Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 agus an seoladh 156 Bowery, Nua-Eabhrac, aige. Bhailigh Seán Mac a Bhaird dán agus fiche dá dhéantus faoin teideal Leabhar filidheachta fa choinne na scol, 1909