Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa réamhrá a chuir Bo Almqvist leis an tríú heagrán de Leabhar Sheáin Í Chonaill in 1976 dúirt sé: ‘Mura mbeadh Seán, b’fhéidir ná cuirfí ar a shúile riamh do Shéamus Ó Duilearga ..
Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Irish folk tales edited with introduction and notes (1942) (scéalta a bhailigh Jeremiah Curtin); The Gaelic storyteller (1945); Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948); Seanchas ón Oileán Tiar (1956) (scéalta a bhreac Robin Flower[B3] ó Thomás Ó Criomhthain[q.v.]); agus an cnuasach scéalta ó Stiofán Ó hEalaoire[B1] ar chuir Dr Dáithí Ó hÓgáin eagar air
D’aistrigh sí dhá leabhar: Síscéalta ó Thír Chonaill (1977) le Seán Ó hEochaidh[q.v.] mar Fairy legends from Donegal (1977) agus Leabhar Sheáin Uí Chonaill (1949) mar Seán O’Connell’s book (1981)
Ba mhinic roimhe sin, ní foláir, nach raibh a fhios ag bailitheoirí cad iad na ceisteanna ba chóir a chur ar sheanchaithe; tá an tagairt seo ag an Duileargach in Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948): ‘Dá mbeadh Láimhleabhar béaloideasa Sheáin Uí Shúilleabháin agam, ní i dturtaoibh le leabhar amháin a bheinn, ach do bheadh trí cinn do leabhair mar seo agam.’ Bhí mórán an ruda chéanna le rá ag Liam Mac Coisdeala[q.v.] agus é ag tagairt dá chaidreamh ar an seanchaí Éamon a Búrc (Béaloideas 64-5, 1996-97: ‘Liam Mac Coisdeala 1908-1996’ le Pádraig Ó Héalaí)