Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Deirtear gur fhoilsigh sé cuid dá leabhair le cabhair a phóca féin. Ba iad na leabhair a scríobh sé: Dánta grádha (1916); Papers on Irish idiom (1920); Dánfhocail (1921); A miscellany of Irish proverbs (1922); Búrdúin bheaga (1925); Dánta grádha, eagrán méadaithe (1926); Measgra dánta (1927); Desiderius (1941); Irish dialects past and present (1932); The Goidels and their predecessors (1936); The Two Patricks (1942); agus, ar ndóigh, Early Irish history and mythology (1946)
Deir Diarmuid Ó Sé: ‘Ní miste a rá go bhfuil an dara leabhar acu san ar cheann de na trí saothair is suaithinsí ar an nGaeilge labhartha go dtí seo, fara Irish dialects past and present, with chapters on Scottish and Manx (O’Rahilly) agus Linguistic atlas and survey of Irish dialects Wagner.’ In 1936 bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste agus bhí ról tábhachtach aige i mbunú an Chomhchaidrimh in 1936; bhí sé ina uachtarán air in 1938