Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
D’fhoilsigh Ó Dálaigh Reliques of Irish Jacobite Poetry, 1844, cnuasach d’aislingí agus d’amhráin eile i nGaeilge le haistriúcháin Walsh. Sheol sé litreacha ó 23 Duke’s Row, Summerhill, agus ó Richmond Cottages sa cheantar céanna chuig Seán Ó Dálaigh in Eanáir-Márta 1844 (i gcló in eagrán 1883 Irish Popular Songs agus is léir orthu gur shíl sé go ndearna an Bord Oideachais éagóir air sa Túirín ··· S.’ a sholáthair réamhrá sa dara heagrán sin: ‘Well we remember (though now forty years since) following Walsh in the twilight of an autumn evening, drinking in the odd chords that came from the little harp that lay on his left arm as he wandered, lonely and unknown, by the then desert Jones’s Road, or reposed himself on one of the seats that at that time were outside the walls of Clonliffe House.’ I réamhrá Irish Popular Songs, 1847 chaith Walsh anuas ar na scoileanna náisiúnta i ngeall ar a bhfaillí sa Ghaeilge agus thug eolas ar a shaothar mar bhailitheoir amhrán