Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Faoi threoir a dearthár Tomás chuir sí eagar ar Five seventeenth century political poems (1946), Eachtra Uilliam (1949) agus Trompa na bhFlaitheas (1955)
Is é atá ann: ‘Tuireamh na hÉireann’ le Seán Ó Conaill, file in Uíbh Ráthach nárbh aon easbag é (tá an leagan is údarásaí den téacs i gcló ag Cecile O’Rahilly in Five Seventeenth Century Political Poems, 1946); aistriúchán Béarla atá bunaithe ar aistriúchán nár de dhéantús Uí Chléirigh é agus nach bhfuil ag teacht go hiomlán leis an leagan áirithe Gaeilge sa leabhar; nótaí staire a thugann stair na hÉireann anuas go dtí 1691, cé nach bhfuil an dán féin ag dul níos faide ná aimsir Chromail; ‘The Author’s Tour’, dán barrúil ina gcuireann Ó Cléirigh síos ar na daoine, sagairt go háirithe, a thug cabhair dó; liosta na síntiúsóirí. Tá cur síos ag Mac Gabhann ar an áitiú a rinne John McCall in The Irish Emerald in 1896-7 gur ag an bhfile James Martin a bhí an lámhscríbhinn de ‘Tuireamh na hÉireann’ agus gurbh é a rinne an t-aistriúchán
Scríobh sé dán, ‘Deorchaoineadh na hÉireann’ (in eagar ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967), a luaitear go minic i gcomhthéacs dánta in Five seventeenth-century political poems, 1977 in eagar ag Cecile O’Rahilly agus dánta le Pádraigín Haicéad[q.v.]; is cur síos é ar ainnise na hÉireann i ndiaidh chogaí 1641–52
Fuair Alasdar anacal a anama ón nGrádach a ghabh é ach d’fhiafraigh Major Purdom, Sasanach, cérbh é féin agus níor luaithe a ainm cloiste aige ná a scaoil sé urchar trína inchinn; is í an tagairt dó in ‘Aiste Dháibhí Cúndún’ (Five Seventeenth Century Political Poems): ‘is ó Lá Chnuic na nDos ba dhéarach / ionar fealladh ar Alasdram éachtach.’ Tá scéalta eile faoina mharú, gan amhras. Cumadh amhrán ar Alasdar in Albain
Is dán fada 496 line é a insíonn stair na hÉireann ó aimsir na díleann go dtí teacht Chromail agus tá sé in eagar ag Cecile O’Rahilly [Sisile Ní Rathaille B2] in Five Seventeenth-Century Political Poems, 1952