Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sliocht as an Dialann Gael-Linn Eisithe ar Seán Ó Ríordáin – filíocht agus prós á léamh ag an bhfile (2008). In Filí faoi sceimhle: Seán Ó Ríordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978 deir Seán Ó Tuama: ‘Sa leabhar seo tráchtaim ar an mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí liom ón 17ú haois i leith ...’ Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘I dtuairim a lán léirmheastóirí, is é Seán Ó Ríordáin mórfhile Gaeilge na linne: tá cuid acu a dhearbhaíonn gurb eisean is fearr ó aimsir Uí Bhruadair i leith’ ··· ‘An bhliain sin is ea a d’fhoilsigh sé “Adhlacadh mo mháthar”; agus is é ócáid an dáin seo, a déarfainn, a d’fhuascail an fhéith ann, a leag cibé bacanna teanga nó síceolaíochta a bhí á chosc, a thug neart dó scaoileadh le samhailteacha as íochtar a aigne; a chuir air cumasc a dhéanamh, faoi strus, idir na gnéithe iasachta agus na gnéithe dúchais atá ina chuid filíochta’ (Seán Ó Tuama, Filí faoi sceimhle ...). Nuair a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill a chéad chnuasach, Eireaball spideoige, 1952, ghoill léirmheas Mháire Mhac an tSaoi (Feasta, Márta 1953) air, agus ghoillfeadh go ceann i bhfad
Rinne Seán Ó Tuama freisin iarracht ar chiall a bhaint as cibé fianaise scáinte faoina shaol atá ann d’fhonn gur fearr a thuigfí cúlra casta sóisialta na ndánta (Filí faoi Sceimhle: Seán Ó Riordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978) agus Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995)
Chuir Filí faoi sceimhle (1978), leabhar faoi Aogán Ó Rathaille agus an Ríordanach, lena chlú mar chritic agus mar stílí próis