Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Luann Ó Casaide rud a dúirt duine de scríobhaithe Chill Chainnigh, Séamus Ó Scoireadh [q.v.], in 1826, gurbh é sagart paróiste Naomh Eoin i gcathair Chill Chainnigh a bhí i gceist agus cuireann sé féin leis sin gur ar an sagart sin a bhí laoch úrscéal Michael Banim, Father Connell, 1842 bunaithe (tá iontráil i dtaobh an úrscéil in The Oxford Companion to Irish Literature, 1996). In Irish Book Lover, Bealtaine-Meitheamh 1934 tá an fógra seo as Finn’s Leinster Journal i gcló ag Ó Casaide: ‘Philip Fitzgibbon, Kilkenny, Classic Teacher, and Professor of Book-keeping and Mathematics, those sixteen years past (with the approbation of his employers, in his private and public capacity) has opened school in John Street