Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá eolas ag Alan Harrison faoin bhfoclóirí seo in Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986, in eagar ag Seosamh Watson (‘Nótaí faoi Ghraiméir agus Foclóirí Scuitbhéarla i mBaile Átha Cliath 1700–1740’) agus in Ag Cruinniú Meala, 1988 ··· Deir Harrison: ‘Murab ionann agus foclóir Uí Chléirigh faightear na focail “bhoga” in ord aibítre mínithe i gcrua-Ghaeilge. Níl ann dá bhrí sin ach foclóir Uí Chléirigh iompaithe droim ar ais’ (Féilscribhinn) ··· wrote an Irish Vocabulary, in which the common words of the Irish language are explained by more ancient and difficult words.’ Luann Tadhg Ó Neachtain[q.v.] é mar ‘oidefhoclóir’ sa dán ina liostaíonn sé scoláirí Gaeilge Bhaile Átha Cliath (ag Tomás Ó Rathile[B2] in Gadelica, 1913) agus tá fianaise sa dán molta (i gcló in Féilscribhinn agus ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967) a scríobh sé (‘Froinsias Walsh’) gur chaith Bhailís 15 bliana ag obair ar fhoclóir Laidine, Béarla agus Gaeilge, gur éag sé sula raibh sé críochnaithe aige agus gur thóg Tadhg a chúram air féin
Chuir file darbh ainm Toirdhealbhach Mac Mathúna dánta chuige agus tá siad in eagar ag Ó hAnluain in Féilscribhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986 (‘Comhfhreagras Fileata ó Chontae an Chláir’)
Léiriú ar a ghníomhaíocht agus ar mhéid a thionchair is ea go raibh sé: ina bhall de Choiste Riartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1973–79); ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha (1981-96); ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh (1985–95); ina Leas-Uachtarán arAcadamh Ríoga na hÉireann (1965-66 agus 1981–83); ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman in 1967 agus ina chathaoirleach 1973–76; ina chathaoirleach ar an gClóchomhar ar feadh i bhfad; ina Éarlamh ar Oireachtas na Gaeilge in 1991. Chuir Seosamh Watson eagar ar Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe (1986)