Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
I Loch Léin, Samhain 1903, a bhain sé feidhm as ‘Fiachra Éilgeach’ a chéaduair. Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952). Thug sé duanairí amach i 1933 agus 1935 ··· Bhí iasacht ag Piaras Béaslaí de chóip Risteaird d’eagrán an Duinnínigh d’Eoghan Rua Ó Súilleabháin
D’fhoilsigh Field Day Publications / Keough-Naughton Institute for Irish Studies Eoghan Rua Ó Súilleabháin (2009), é in eagar ag Breandán Ó Conchúir