Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Scríobh an Dr Máirín Nic Eoin faoi in Comhar, Meán Fómhair 1983: Ba chóir d’aon duine atá ag plé le gné ar bith den tsaoithiúlacht Ghaelach é a cheannach agus a léamh go cúramach mar is léiriú iontach é ar an léargas is féidir leis an mbéaloideas a chaitheamh ar réimsí spéise agus taighde a bhí taobh le foinsí bearnacha liteartha go nuige seo. Leabhair scolártha eile dá chuid is ea: Duanaire Osraíoch: cnuasach d’fhiliocht na ndaoine ó Cho. Chill Chainnigh (1980); Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire (1981) (é mar eagarthóir in éineacht le Séamus Ó Duilearga [q.v.]); Duanaire Thiobraid Árann: cnuasach d’fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae (1981); The hero in Irish folk history (1985); Fionn Mac Cumhaill: images of the Gaelic hero (1988); An cultúr agus an duine (1993) (in éineacht le Diarmuid Ó Gráinne); Myth, legend and romance – an encyclopaedia of the Irish folk tradition (1991); Binneas thar meon: cnuasach d’amhráin agus de cheolta a dhein Liam de Noraidh in oirthear Mumhan, é in eagar ag Dáithí i gcomhpháirt le Marion Deasy agus Ríonach Uí Ógáin (imleabhar a haon) (1994); Irish superstitions (1995); Skálda: Éigse is eachtraíocht sa tSean-Lochlainn (1995) (an tOllamh Bo Almqvist mar chomhúdar); The sacred isle: belief and religion in pre-Christian Ireland (1999); Celtic warriors: the armies of one of the first great peoples in Europe (1999); Islanders and water dwellers: proceedings of the Celtic-Nordic-Baltic folklore symposium..