Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Tá cuntais air: sa réamhrá a chuir Tomás Ó Floinn[q.v.] le Drúcht an ghleanna; rogha dánta agus dánta nua, 1986; i ndiaidh a bháis ag Gabriel Rosenstock in Comhar, Samhain 1988 ··· Tá léirmheas ar Drúcht an ghleanna ag Bríona Nic Dhiarmada in Comhar, Eanáir 1988. Sa Doirín Álainn i bparóiste Bhaile Bhuirne, Co ··· chun na fírinne a rá níor bhuaileas riamh le héinne a bhí in ann tagairt do Ó Bruadair, Ó Rathaile, Keats agus Shelley faoi mar b’aon bhaicle amháin iad—agus ina aigne siúd b’eadh ní foláir).’ Cé go n-aithníonn Nic Dhiarmada buanna Uí Chéileachair agus a thaitneamhaí is a cheolmhaire atá a dhánta, deir sí faoi Drúcht an ghleanna: ‘Blas seanaimseartha is mó a fhaighimse ar an gcnuasach seo, fiú amháin ar na dánta nua ann ··· Is duine é Séamas Ó Céileachair—dar leis na dánta seo—atá as tiúin ar fad leis an lá atá inniu ann, le saol na fichiú haoise, saol na cathrach móire.’ Is iad na leabhair a tháinig óna láimh: Bláth an bhaile, 1952; Dánta do scoláire, 1954; Coillte an cheoil, 1955; Hup-Hup, 1955 (dánta don naíscoil); Mil na mbláth, 1956; Grian na gcnoc, 1968; Drúcht an ghleanna, 1986