Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’ Tá cuntas ar a bheatha in Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975) le Titley agus in De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain (1987) leis an tSr Bosco Costigan, i gcomhar le mac a dheirféar, Seán Ó Curraoin
Dhá scríobhfainn féin rud ar bith thugadh sé isteach é le sciúra na seanchuinneoige a thabhairt dhom ar an gcóir chéanna’. In De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 tá cur síos ag an tSr Bosco Costigan ar an gcaoi ar briseadh Máirtín as a phost agus tá le tuiscint as gur ag comhlíonadh ordaithe an easpaig a bhí an Móránach, gur thairg sé post oide do Mháirtín nuair a scaoileadh amach as an gCurrach é agus gur labhair sé thar a cheann chun post a fháil dó i Rannóg an Aistriúcháin. Col seisir leis an Athair Ó Móráin ba ea Micheál Ó Móráin (25 Nollaig 1912–6 Bealtaine 1983) a bhí tráth ina Aire Gaeltachta.
Deirtear in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 leis an tSiúr Bosco Costigan, go raibh baint aige le fearais scríbhneoireachta a chur ar fáil don Chadhnach nuair a bhí sé i ngéibheann
Bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chadhain; luann seisean é i gceann de na litreacha a sheol sé chuig Tomás Bairéad[B2] ón gCurrach (As an nGéibheann, 1973) agus i 1947 bhí sé ar dhuine de na cairde a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mhairtin Ui Chadhain , 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin); d’fhuaraigh an cairdeas sna 1960idí
I 1947 bhí sé ar dhuine de chairde Mháirtín Uí Chadhain a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin ..., 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin). I 1948 bhunaigh Conradh na Gaeilge an míosachán Feasta agus d’fhostaigh siad Seosamh mar bhainisteoir
- agus sa chuntas ar an gcaidreamh a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4]. Bhí baint fhada aige le Conradh na Gaeilge, rud is léir ar litir Mháirtín Uí Chadhain dar dáta 24 Márta 1937 i gcló ag an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin in De Ghlaschloich an Oileáin..., 1987
Tá litir a scríobh sé faoi mhodhanna múinte Mháirtín i gcló inDe Ghlaschloich an Oileáin..., 1987 agus go gairid i ndiaidh bhás Mháirtín bhí litir i gcló aige in Scéala Éireann 2 Samhain 1970 agus aiste aige air in Feasta, Deireadh Fómhair 1971