Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Toisc na seanaithne a bhí ag Mac Conghail air, meastar údarás ar leith a bheith ag baint leis an léacht Dáibhíseach a chraol sé 17 Aibreán 1988 (i gcló faoin teideal ‘Poet of the Bright Thread: the Poetry of Máirtín Ó Direáin’ in Irish University Review, Fómhar 1988). Foilsíodh ocht leabhar filíochta leis idir 1942 agus 1979; in Dánta 1939-1979, 1980 tá tugtha le chéile ag Eoghan Ó hAnluain na dánta atá in Rogha Dánta, 1949, na cinn atá sna leabhair a foilsíodh idir 1957 agus 1979 (Ó Mórna agus Dánta eile, 1957; Ár Ré Dhearóil, 1962; Cloch Choirnéil, 1966; Crainn is Cairde, 1970; Ceacht an Éin, 1979), agus cuid de na dánta nach raibh in aon leabhar díobh ··· Deir Mac Síomóin [op cit]: ‘The earlier simplicity of message and medium is gone, and influences as diverse as Yeats, Nietzsche, Pádraigín Haicéad[B7], Dáibhí Ó Bruadair[B7], Bedell’s [B7] Irish Bible and Shakespeare—to name but a few—are expressed.’ Foilsíodh Máirtín Ó Direáin: na dánta, 2010 arb eagrán nua é de Rogha Dánta 1939-1979, 1980
Ar na leabhair eile le hEoghan a d’fhoilsigh an Clóchomhar tá Seon Ó hUaithnín (1973) agus Máirtín Ó Direáin: dánta 1939-79 (1980)