Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Don aos óg scríobh sé dosaen leabhar faoin lorgaire Mic Bric: An fichillín, 1953; Crannchur an bháis, 1953; Fiacal na faille, 1953; An siúlóir, 1954; Dúnmharbhadh ar an mál-bhád, 1954; Oileán na gComhrann, 1955; Snáthaid i stáca féir, 1955; An dall, 1954; Mic Bric leonta, 1956; Trí dúnmharfa go leith, 1956; Séamus de Bhál & Mic, 1956; Siocair le dúnmharú, 1962. Sa Limerick Leader deir a dheartháir gur bhailigh sé focail don Duinníneach [B3] ach níl sé luaite ina meascsan ar ghabh an foclóirí buíochas leo.