Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí sé i gceannas an chruinnithe ag ar fáiltíodh roimh Thomás Bán Ó Coincheanainn [B2] ar a chéad chuairt ar an gConradh i gCorcaigh i mí na Samhna 1899. Ba é a mhol thar ceann an Chonartha ag cruinniú Bhord Bardachta Chorcaí gurbh i nGaeilge a mhúinfí páistí arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais (An Claidheamh Soluis 3 Márta 1900). Ba iad Barnaby Phair agus Mary Fitzgerald a thuismitheoirí, dar le Pike, Cork and Co. Cork (biographies), 1911