Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 12
Toghadh ina bhall de Chraobh Londan é 3 Samhain na bliana céanna (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin) agus thug sé síntiús le haghaidh leabharlann Árann (Fáinne an Lae 3 Nollaig 1898) ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 12 Eanáir 1901 gur bhronn sé imleabhair 1-3 d’imleabhair Chumann na Scríbheann Gaeilge (ITS) ar leabharlann Árann. Deir Donnchadh Ó Súilleabháin gur chuir sé £5 ar fáil i 1902 le haghaidh leabhair ar ‘An chóir is fearr chun Gaeilge a mhúineadh’ agus gur ghnóthaigh Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] an duais sin lena Handbook of Irish teaching (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917)
Played at one of the big League concerts—Queen’s Hall, I think [Queen’s Hall 10 Samhain 1903 le Gearailt Mac Aonghusa—Conradh na Gaeilge i Londain lch 74]
Chuaigh sí go Londain le staidéar iarchéime a dhéanamh ar an múinteoireacht agus chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge thall: bheadh sí ina teachta acu ag Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin)
Thall i Londain dó chláraigh sé mar bhall den Chonradh agus bhí ar dhuine dá dteachtaí ag Ard-Fheis 1905 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin)
Tugadh léirithe eile dó gan mhoill: ag Feis Chonnacht (idem 27 Lúnasa 1904); ag Oireachtas 1905; i gCarna (idem 20 Eanáir 1906); léiriú Scoil Haverstock Hill i mí Bealtaine 1906 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin); ag Feis Chonnacht sa Spidéal (An Claidheamh Soluis 3 Meán Fómhair 1910); léiriú Chraobh an Spidéil ag Oireachtas 1913 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin)
Scríobh sé An Piarsach agus Conradh na Gaeilge, 1981; Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984; An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986; Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988; Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 agus Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990
‘B’shin an chéad phósadh i nGaeilge ag Bayswater agus ba é an tAthair Ceannt, nach raibh riamh in Éirinn a phós iad’ (Donncha Ó Súilleabháin, Conradh na Gaeilge i Londain, 1894–1917, 1989). Bhí spéis mhór aige i stair na hÉireann agus bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ar an ardán ag an bhfáiltiú a cuireadh go Londain roimh Art Ó Gríofa, Micheál Ó Coileáin agus na teachtaí eile i nDeireadh Fómhair 1921
Dar le Donncha Ó Súilleabháin (Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989) go raibh sé ina rúnaí ar an Aonach, iarracht ar chuid de dhéantús na hÉireann a thaispeáint thall, i bhfómhar 1911 – ní raibh 18 mbliana féin slán aige
Eady in Bayswater, Londain, ar 12 Deireadh Fómhair 1909, dar le Donncha Ó Súilleabháin in Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989
Deir Donncha Ó Súilleabháin (Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989) gur ceapadh é ina rúnaí cúnta i 1900 ach nár fheidhmigh sé
Luann Donncha Ó SúilleabháinConradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989) gur tugadh dhá léiriú dó thall i 1913 ach ní léir gur foilsíodh riamh é mar leabhar
‘Bheadh sé deacair i dtráth ar bith de shaol an Chonartha dream chomh hildánach leo a thabhairt ar aon láthair’, a deir Donncha Ó Súilleabháin in Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989