Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
D’fhág na teagmhálacha luatha sin aige le Muimhnigh agus le Connachtaigh go raibh meas aige ar na canúintí go léir. Ó 1907 amach ba é a bhí ag soláthar míreanna nuachta do An Claidheamh Soluis faoin teideal ‘Ó Chúige Uladh’. Deirtear gurbh é ba thúisce, b’fhéidir, a mhisnigh Séamus Ó Grianna [B2] chun dul le scríbhneoireacht nuair a d’fhoilsigh sé scéal a fuair sé uaidh sa dara heagrán de Cloich Cheannfhaolaidh. Ghlac sé le tairiscint ó Sheán Ó Catháin chun bheith ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste agus chuir sin ar a chumas freastal a dhéanamh ar Ollscoil na Ríona ··· Bhí sé pósta le Mary Agnes Cassidy ó Dhroim Bairr in aice le baile Dhún na nGall agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967)