Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Deirtear go raibh guth breá aige. Scríobh sé téacsleabhair agus leabhair ghramadaí: Modern Irish, 1896: Modern Irish grammar, 1900, an t-aon leabhar gramadaí a bhí bunaithe ar chanúint Thír Chonaill a bhí le fáil ar feadh i bhfad; Modern Irish composition, 1901; Studies in Irish composition, 1901; Progressive studies in Irish, 1906, an t-aon leabhar dá dhéantus nár chaill sé airgead leis, deirtear; A New method course, 1915; Gramar agus cumú cainte, 1926. D’athinis sé seanscéalta: Clann Lir, 1901; Clann Tuireann, 1902; Clann Uisnigh, 1902, Leabhair eile leis is ea: An Ceoltóir, 1901; Iasgaireacht Shéamuis Bhig, 1904; An Craoibhín ceoil, 1908; Sgéalta sgurtha, 1911, scéalta le Grimm a d’aistrigh sé; An Craoibhín úr, 1920; Teagasg na máthara, 1921; Óirsgéal an chreidimh, 1924
Deir Theophilus féin san ionsaí a rinne sé ar Mhacpherson: ‘The assertor of this is eight and forty years old [in 1808]: and at the age of twelve he could read and enjoy the beauties of all the poems attributed to Oisín; all the tales of the Finnian heroes; Clann Touran; Clann Lir; and Clann Uisnigh; and could, with puerile indignation, ridicule the wily attempts of the Scots of Alba to make the reputed poems of Oisin their own’ (Transactions of Gaelic Society)