Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Deirtear in eagarfhocal na hirise sin, Meán Fómhair 1994: ‘Chuir sí chun na hoibre le fuinneamh agus le samhlaíocht agus ba chaibidil éachtach i stair fhorbairt Comhar a tréimhse sise sa “suíochán te”.’ Catalógú a rinne sí ar amhráin Ghaeilge oirthear na Gaillimhe i mbailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann is ea Clár Amhrán an Achréidh, 1974; a tráchtas máistir atá ann go bunúsach agus chiallaigh an saothar sin gur scrúdaigh sí lámhscríbhinní an Choimisiúin leathanach ar leathanach chun na hamhráin ó oirthear na Gaillimhe a aimsiú, agus go ndearna sí na hamhráin a scagadh agus a chlárú agus a aicmiú de réir téama