Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Leabhar dírbheathaisnéisiúil, a bhfuil sleachta go leor as a dhialann inti, is ea Changing Times: Ireland since 1898 as seen by Edward MacLysaght, 1978 agus is sleachta Gaeilge as a chín lae atá in Leathanaigh ó mo dhialann, 1978 ··· B’fhéidir gur bhain míshonas lena óige; deir Charles Lysaght: ‘Often have I wondered whether the loss of an eye as an infant or his parents’ long absences abroad may have created some unhappiness which blighted his early years and caused him to want to erase them from his memory’. D’fhág sé Oxford um Márta 1908: ‘I did no good there and left the place abruptly in a disreputable atmosphere of whiskey and horses’ (Changing Times) ··· Mar shampla beag, is toisc nach raibh Gaeilge ag Erskine Childers nach dtabharfadh sé a vóta dó i dtoghchán uachtaránachta 1973 (Changing Times). Casadh Mabel Pattison air i dteach banaltrais i mBaile Átha Cliath, mar a raibh sí ina mátrún, nuair ab éigean dó tamall a chaitheamh ann
Tá cuntas ar an bhfiontar seo ag Mac Giolla Iasachta ina dhírbheathaisnéis Changing Times, 1978 agus cuntas ficseanúil aige in The Gael, 1919. Chuaigh Éamonn agus Conchubhar le chéile go Baile Átha Cliath Dé Sathairn an 20 Samhain 1920 ··· Ní léir aon athrú bunúsach sa leagan den scéal a d’fhoilsigh sé in Changing Times i 1978 agus dearbhaíonn sé ann gur leis an tréimhse roimh an scoilt leis na Réamonnaigh a bhain ballraíocht Chonchubhair sna hÓglaigh, agus dearbhaíonn freisin gur trí sheans, tharla an fostaí a bhí ceaptha le dul a bheith gafa le coiste cróinéara, a bhí Conchubhar i mBaile Átha Cliath