Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Bhí sé pósta le Mary Agnes Cassidy ó Dhroim Bairr in aice le baile Dhún na nGall agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967)
In The Glynns XI 1983 tagraíonn Jack McCann don chur síos a rinneadh uirthi: ‘that fierce republican Ada MacNeill’. Chuaigh sí i bpáirtíocht le Séamus Ó Searcaigh[B3] chun Cú na gCleas agus scéaltaí eile, 1914 agus Ceol na n-éan agus scéaltaí eile, 1919 a thabhairt amach