Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Deir Donncha Ó Súilleabháin in Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988: ‘Réitigh Pádraig Mac Piarais agus Máire Ní Chillín cláir shamplacha le haghaidh mhúineadh na Gaeilge mar ábhar breise agus d’fhoilsigh an Conradh iad faoin teideal Irish as an extra subject—specimen programmes mar chabhair agus mar threoir do bhainisteoirí agus do mhúinteoirí chun clár a ullmhú le cur faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta’. Deirtear go raibh lámh agus focal idir í féin agus Liam Ó Maolruanaidh [B3] a d’éag ar 6 Bealtaine 1901
Ghlac Ard-Fheis 1911 le rún a mhol sé féin agus Cormac Ó Cadhlaigh[B2]: ‘Is mithid do lucht an mheánoideachais athrú a chur ar an gcóras múinte sna meánscoileanna i dtreo go múinfí an Ghaeilge mar bheo-theanga’ (Cath na Gaeilge sa chóras oideachais le Donncha Ó Súilleabháin)
Scríobh sé An Piarsach agus Conradh na Gaeilge, 1981; Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984; An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986; Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988; Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 agus Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990