Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Is léir go ndearna seisean eagarthóireacht ar a raibh aistrithe roimhe, agus go deimhin tá cuma an leanúnachais le brath ar an aistriú tríd síos.’ Liostaíonn Williams sa chaibidil ‘Iarfhocal’ na scríbhneoirí Caitliceacha a bhain úsáid as aistriúchán Uí Dhomhnaill: Aindrias Ó Duinnshléibhe[q.v.], Séamus Ó Gallchobhair[q.v.], Muiris Paodhar[B6].... I 1608 foilsíodh a leagan Gaeilge den Book of Common Prayer faoin teideal Leabhar na nUrnaightheadh gComhchoidchiond agus Mheinisdraldachda na Sacrameinteadh ··· Bhí meas riamh ag pobal an Bhéarla ar ghlaine phrós Chranmer [Thomas Cranmer, Ardeaspag Canterbury] san Book of Common Prayer
Chuir sé eagar in 1861 ar Book of Common Prayer don Society for the Promotion of Christian Knowledge agus iarradh air eagrán Gaeilge den bhíobla a ullmhú dóibh ach níor lig a dhualgais eile dó é. Dúradh in Ballymena Observer and County Antrim Advertiser 12 Eanáir 1900: ‘His name must be coupled with that of his friend the late Bishop Reeves
Chaith sé an tréimhse 1607–10 ina shéiplíneach ag ambasadóir na Breataine sa Veinéis; d’fhoghlaim sé Iodáilis agus d’aistrigh an Book of Common Prayer go hIodáilis; ann freisin a chuir sé go mór lena eolas ar an Eabhrais de bharr a chaidrimh le raibithe; tá cuntas ag McCaughey ar an raibí ba nótáilte díobh, Leone da Modena
Clóbhuaileadh sé mhíle cóip de gach ceann díobh agus bhí an ceann deiridh sin go háirithe le dáileadh i ngarbhchríocha na hAlban. Ar leagan Uilliam Uí Dhomhnaill [q.v.] atá an ceann sin bunaithe, deir Williams, ach ní hionann le chéile iad sa mhéid gurb aistriúchán ar leagan Béarla 1662 den Book of Common Prayer is ea saothar Richardson agus go bhfuil ábhar breise ann dá réir
Is iad na ranna atá sa chaiticeasma seo: eipistil chun an léitheora; aibítir agus litriú; an caiticeasma féin, arb aistriúchán é ar an gceann atá in Book of Common Prayer, 1559; urnaithe; an dá cheann déag d’airteagail chreidimh. Níl ach fíorbheagán eolais againn ar Ó Cearnaigh