Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Nuair a bhí Coiste Éigse Oirialla ag beartú comóradh 200 bliain a dhéanamh, d’iarr siad ar Thomás Ó Fiaich eagrán nua de shaothar an fhile a thabhairt amach agus chuir an scoláire sin péire leabhar amach: Art Mac Cumaigh: Dánta, 1973; Art Mac Cooey and his times, 1973 (a bhí i gcló ar dtús in Seanchas Ard Mhacha, 1972)
Deir Diarmaid Ó Doibhlin: ‘Nuair a chuimhníonn duine ar an méid potaí a bhí sa tine aige, ar an ullmhúchán uile le haghaidh cruinnithe, agus an freastal ar chruinnithe, agus an t-ualach bocht riaracháin a bhíodh i gcónaí air, is doiligh a shamhlú cén dóigh ar chruthaigh sé spás dó féin le aistí agus leabhair a scríobh, agus cá bhfuair sé an fuinneamh iontach a bhí ann.’ Gan trácht ar aistí léannta agus léachtanna, d’fhoilsigh sé i rith 1960-79: Gaelscrínte i gcéin (1960) (eagrán nua faoin teideal Gaelscrínte san Eoraip, 1986); Irish cultural influences in Europe (1966); Leabhar Aifrinn don phobal (1966) (aistriúchán ar The people’s Mass book); Imeacht na nIarlaí (1972) (le Pádraig de Barra[q.v.]); Má Nuad (1972); Art Mac Cooey and his times (1973); Art Mac Cumhaigh: dánta (1973); Columbanus in his own words (1974); Oliver Plunkett: Ireland’s new saint (1975); Oilibhéar Pluincéid (1976); Art Mac Bionaid: dánta (1979) (i gcomhar le Liam Ó Caithnia[q.v.])