Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 32
Tá eolas ina thaobh: in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973; ag Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile, 1983 agus in Ar son na Gaeilge, Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993; in Feasta, Meitheamh 1955 (i gcló freisin in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna) ··· Ba mhaith ann a chuid taighde agus an leabhar seo á scríobh’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993)
Tá eolas ina thaobh: in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973; ag Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile, 1983 agus in Ar son na Gaeilge, Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993; in Feasta, Meitheamh 1955 (i gcló freisin in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna) ··· Ba mhaith ann a chuid taighde agus an leabhar seo á scríobh’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993)
na Gaillimhe. Níor mhiste a bhfuil le rá fúithi ag Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 a lua freisin: ‘Bhí Augusta Gregory an-tógtha le Gaeilge agus le Gaelachas agus le cur chun cinn an Chonartha, rud nach raibh éasca do dhuine dá cúlra sise
An dualgas ba throime a thit air stair an Chonartha a scríobh, Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, stair sheanchais (1993)
Cúisíodh é ach caitheadh amach an cás ina aghaidh ‘mar gur ríomhaire a d’eisigh an toghairm’ (Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Daichead bliain ina dhiaidh sin bhí a mhac, Gearóid óg, ar dhuine de na Conraitheoirí sin a cúisíodh faoin Acht chun Iontráil agus Áitiú le Foirneart a Thoirmeasc nuair a cheanglaíodar iad féin le doirse Ard-Oifig an Phoist le slabhraí ar 10 Feabhra 1977 mar agóid in éadan pholasaí RTÉ i leith na Gaeilge (Ar Son na Gaeilge..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Bhí dúil ar leith aige sa cheol agus san amhránaíocht
Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i 1947 agus, i 1961, ina chathaoirleach ar Chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha, craobh a bhí eisiatach go maith, más aon fhianaise air sin an bhallraíocht a luaitear in Ar Son na Gaeilge..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa
Deir Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] (Ar Son na Gaeilge..., 1993) gur thacaigh Ó Súilleabháin agus Seán Céitinn go mór leis an bhfiontar
Deir Proinsias Mac Aonghusa[B8] in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 gurbh í Máire an dara hoide a bhí sa choláiste
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá sé ainmnithe ag Proinsias Mac Aonghusa i measc pearsana móra úd na hathbheochana a bhí ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1928 (Ar Son na Gaeilge
Ba é a bhí sa chathaoir ag an gcruinniú de mhuintir na hathbheochana a mhol go mbunófaí ‘mórghluaiseacht neartmhar a chuirfeadh an Ghaeilge gan teip i seilbh chinnte uachtaránachta in Éirinn lenár linn’ (Ar son na Gaeilge ..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Dar le Proinsias Mac Aonghusa in Ar Son na Gaeilge:Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1995, ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge in 1929 ina chomharba ar Phroinsias Ó Fathaigh T.D
Tuairiscíodh sa pháipéar céanna 12 Bealtaine gur mhol sé ag cruinniú den Bhardas gur i nGaeilge a scríobhfaí an seoladh ar gach comhreagras oifigiúil. Ní léir ar a dhírbheathaisnéis ná ar irisí an Chonartha anuas go 1915 ná ar stairsheanchas an Chonartha, Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa, gur bhain mórán tábhachta leis in obair na heagraíochta
Bhí sé ar dhuine díobh sin a thug síntiús chun go dtroidfeadh Séamus Ó Beirn[B1] in aghaidh na heitinne i gConamara (idem 9 Samhain 1907). Anuas go 1914 bhí baint mhór aige le hAonach Londan agus deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge, 1993: ‘Faoi thionchar agus threoir an Chonartha chuir Boland an-spéis i bhforbairt thionsclaíocht na hÉireann agus sa mholadh do dhaoine earraí Éireannacha seachas earraí coimhthíocha a cheannach’
Dúirt Seán Seóighe, múinteoir taistil i Maigh Eo, ag Ard-Fheis an Chonartha i 1917: ‘Ní thugtar aon seanmóir Gaeilge in aon teach pobail in Acaill agus ní mhúintear an Teagasc Críostaí in aon scoil ann, ach amháin i scoil an Phaoraigh’ (i gcló ag Proinsias Mac Aonghusa in Conradh na Gaeilge 1893-1993 : stair sheanchais, 1993)
Ag tagairt don tréimhse sin dá shaol deir Proinsias Mac Aonghusa: ‘Is eisean ina dhiaidh sin a bhí ina chéad Eagarthóir nuachta Gaeilge i Radio Éireann mar a ndearna sé sárobair agus gur chuir sé gairmiúlacht i gcion in áit a bhí faoi chúram amaitéarach go dtí sin’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993: Stair Sheanchais, 1993)
‘Lárionad spraoi agus spóirt a bhí in Áras na nGael i nGaillimh, mar a bhfuil ceannáras na Craoibhe, i rith blianta deiridh na 1940idí agus bhlianta tosaigh na 1950idí’ (Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993..., 1993)
Nuair a athbhunaíodh Craobh Chluain Meala de Chonradh na Gaeilge i 1932 roghnaíodh é mar uachtarán (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 gur síleadh ag an am é a bheith beartaithe aigesean agus ag Risteárd Ó Maolchatha deireadh a chur scun scan le Conradh na Gaeilge
D’fhreastail sé ar Ard-Fheis an Chonartha 8 Lúnasa 1916 (Ar son na Gaeilge ..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Bheadh Tomás ina bhainisteoir ar thrí cinn de shiopaí páin ar ball. Bhí sé sa láthair ag cruinniú den Chonradh ar 27 Meán Fómhair 1893 (Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926) agus bhí ina bhall de Chomhairle an Chonartha in 1894 (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Bhí sé sa chathaoir agus ina ionadaí thar ceann Chumann Gaelach na hÉireann ag cruinniú a tionóladh ar 13 Meán Fómhair 1939 chun na socruithe a phlé (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Bhí sé ar dhuine den scór nó mar sin a bhí sa láthair nuair a bunaíodh Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge i 1941 (Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 : stair sheanchais, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Ceapadh é ina phríomhoide i gCoill an Easpaig ina dhúiche féin i 1937 agus bhí sé ina phríomhoide i gCnoc an Bhile 1960-77. Is léir ar Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa go raibh feachtas láidir ar bun ag an gConradh i dTiobraid Árann i 1938 agus deir Proinsias: ‘Gníomhaí ar leith i dTiobraid Árann san am a bhí i Micheál Mac Cárthaigh as Cnoc an Bhile ...
Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 ..., 1993: ‘Tháinig an Coimisiún le chéile 39 n-uaire agus tionóladh thart ar 110 gcruinniú eile d’fhochoistí a bhí ag fiosrú gnéithe ar leith den athbheochan
Gan amhras tá neart tagairtí di ag Proinsias in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 agus tá agallamh a chuir Proinsias uirthi i gcló in Feasta, Deireadh Fómhair 2001
Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge ..., 1993 gurbh fhear gnímh ó thaobh na Gaeilge de Peadar ach nár ‘léir go raibh aon tréith ceannaireachta ag baint leis’
Tá tagairtí ag Proinsias Mac Aonghusa dá obair ar son na teanga in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993
Thug An Gabha Gaolach suntas ar leith do na meáin chumarsáide sna trí bliana a raibh sé i gceannas ar Chonradh na Gaeilge’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993)
Luann Proinsias Mac Aonghusa é i measc na gConraitheoirí a bhíodh ag cur cás na Gaeltachta ar aghaidh (Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993)