Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Foilsíodh a rogha féin dá chuid colún in An peann coitianta (1991), An peann coitianta 2 (1997) agus Ar an bpeann (2006). Bhain Tine chnámh (1984), an chéad chnuasach filíochta leis, Duais Sheáin Uí Ríordáin agus Duais an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh sa bhliain 1984 ··· I dtreo dheireadh an leabhair, samhlaítear dó gurb ionann don ealaíontóir cuid éigin d’fhírinne na beatha ann féin a aimsiú i bhfoirm ealaíne agus an chuid sin dá nádúr a chur ar neamhní. Tháinig raidhse leabhar ó lámh Uí Mhuirthile tar éis dó éirí as an gcolún san Irish Times sa bhliain 2003: dhá chnuasach dánta do dhaoine óga, An seileitleán agus véarsaí eile (2004), agus Dánta déanta (2006), a cumadh i bpáirt le leanaí bunscoile i nGaeltacht Mhúscraí; Sister Elizabeth ag eitilt (2005), meascán scéalta, eachtraí agus portráidí pinn; Ar an bpeann (2006); agus Sanas (2007)