Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 13
In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 pléann Alan Titley cuid de na léirmheasanna mífhabhracha ··· Ag Kevin Casey in Hibernia 5 Deireadh Fómhair 1978 a bhí an léirmheas ba ghortaithí, b’fhéidir; is dóigh le Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge go raibh ‘rud éigin seachas léirmheastóireacht mar chuileog ina thóin ag an gCathasach’
Cuntas magúil ar an oiliúint a cuireadh ar na hábhair gardaí, na rúcaigh, is ea De Réir Uimhreacha (1969); tá sé liostaithe mar úrscéal ag Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge (1991) agus is mar úrscéal a bronnadh duais Oireachtais air
Agus é ag tagairt d’aistriúcháin an Ghúim ar úrscéalta bleachtaireachta deir Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Cibé sceacha a chuir siad sin go léir sa bhearna ní móide go bhféadfaí íota, mar a síleadh, léitheoirí na Gaeilge chun an ábhair seo a shásamh gan earra dúchais a sholáthar, agus ba é Oidhche i nGleann na nGealt le Ciarán Ó Nualláin a chéadchuir a ghob amach.’ Molann an t-údar céanna carachtar bhleachtaire an scéil, Parthalán Mac Mórna; foilsíodh a thuilleadh dá ghaiscí bleachtaireachta in Eachtraí Pharthaláin Mhic Mhórna, 1944
I gcomhthéacs ‘úrscéal na coitiantachta’ deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Is é gaisce scríbhneoireachta Chathail Uí Shándair an gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge
In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 deir Alan Titley: ‘An ceart choíche, is dócha gurb é Ciontach Dhiarmada Uí Shúilleabháin ceann de na ráitis pholaitiúla is láidre dár scríobhadh i bhfoirm úrscéil le leathchéad bliain anuas in Éirinn’
Bun-úrscéal is ea Cnámha na péacóige, 1945; luann Alan Titley an teideal in An tÚrscéal Gaeilge ach níl sé i measc na n-úrscéalta a ndéanann sé trácht orthu
Deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Is mó an spéis a chuirfeadh daoine, b’fhéidir, san teicníc úr inste a chleacht Seán Ó Siadhail in Ashling Glass (1984) ná san scéal gabhlánach féin, ach mar le rud, is tuisceanaí agus is doimhne an plé a dhéantar ann ar cheist shíoraí an fhoréigin ná in aon úrscéal eile de chuid an Tuaiscirt.’ Is cinnte, murach an bás anabaí, gur scríbhneoir agus taighdeoir é a bhainfeadh lántairbhe as an saoirse a bhí gnóite aige chun cur lena chlú mar scríbhneoir.
Seachas é a liostú, níorbh fhiú é go luafadh Alan Titley é mar shaothar ficsin in An tÚrscéal Gaeilge, 1991
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 deir Alan Titley faoina úrscéal, An Cliathán Clé : ‘Éiríonn le Tadhg Ó Murchadha atmaisféar meánscoil chónaithe rugbaí agus meon na mbligeard saibhre a shnámhann tríothu a thabhairt leis ar deil agus is sampla inmholta é de “scéal scoile” do bhuachaillí a sholáthar sa Ghaeilge’
Is dóigh le Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991) nár éirigh leis an fhilíocht agus an tuarascáil a phósadh le chéile mar ba mhian leis
In An tÚrscéal Gaeilge (1991) deir Alan Titley faoi Schnitzer Ó Sé: ‘Saol liteartha pearsana poiblí agus bréige na héigse is ea a phollann sé go hálainn i gcruth is go bhfuil sé chomh hoiriúnach mar chlabhsúr ar thréimhse áirithe is a bhí An béal bocht roimhe nach mór’
Deir Alan Titley faoi (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Mar le scríbhneoir nár chainteoir ó dhúchas é murab ionann agus formhór na n-úrscéalaithe Gaeilge go dtí sin, thaispeáin sé go bhféadfadh sé stíl nadúrtha éasca a láimhseáil a bhí prósúil gan a bheith leamh is a bhí díreach gan a bheith lom
Deir Alan Titley faoi in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Shaothraigh Máirtín Ó Corrbuí gach aon saghas scéalaíochta dá bhfuil ann agus a thuilleadh nach bhfuil aon ainm orthu fós agus is dócha gurb é tánaiste Chathail Uí Shándair[q.v.] é maidir le raidhse is le hiomadúlacht a shaothair.’ Ba é an duine ab óige de chúigear clann