Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Leabhair eile leis is ea: Clár lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Phoiblí i mBéal Feirste (1962); Lillibulero: the new Irish song (1988); An caoine agus an chaointeoireacht (1998); History as myth: the return of the hero (1999) (léacht Pharnell 1998–1999); An teanga bheo: Gaeilge Chléire (2003); Dánta Aodhagáin Uí Rathaille: reassessments (2004) a d’fhoilsigh Cumann na Sgríbhinn Gaedhilge; The Crown of Ireland (2006); Aogán Ó Rathaille (2007) a d’fhoilsigh Field Day Publications (na dánta féin atá sna 49 leathanach tosaigh den leabhar ach is iad nótaí agus foclóir Uí Bhuachalla a líonann 82 leathanach ann) ··· Baineann cuid nach beag de An caoine agus an chaointeoireacht (1998) le ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’
In An caoine agus an chaointeoireacht (1998) déanann Breandán Ó Buachalla athléamh ó bhonn ar an dán agus tugann dúshlán na dtráchtairí trí cheisteanna bunúsacha i dtaobh a sheachadta agus an mhodha cumadóireachta, i dtaobh talamh slán a dhéanamh den insint thraidisiúnta gurbh í Eibhlín Dubh a chum agus gur cáipéis chruinn faisnéise an dán; tá liostú cuimsitheach déanta aige ar a bhfuil scríofa faoin dán féin, faoin gcaoineadh agus faoin gcaointeoireacht