Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 9
B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne. Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh ··· I measc a chuid saothair, tá: An Bíobla Naofa (1981); Táin bó Cuailgne (1966); Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad (1965-73); Sean-Ghaeilge gan dua (1974); Clár lámhscríbhinní Gaeilge: leabharlanna na cléire agus mionchnuasaigh (1978-80). Foilsíodh féilscríbhinn faoin teideal Stair na Gaeilge: in ómós do Phádraig Ó Fiannachta in 1994
Rinne siad turas farraige os cionn 700 míle as Sligeach go hOileán Í, áit ar bhronn siad cóip den Bhíobla Naofa a d’aistrigh Pádraig Ó Fiannachta ar an mainistir ansiúd ar an 9 Meitheamh, Lá Fhéile Colm Cille. Ba ar Abhainn na Life agus ó Gheata Shéamais a thug Domhnall Mac Síthigh agus a chriú faoin eachtra mhór dheireanach a rinne sé
Tá Foclóir Uí Dhónaill faoi chomaoin aige 'as a ghrinnmholtaí i dtaobh téacs agus litrithe agus gramadaí.' Agus san fhocal ón bhfear eagair, Pádraig Ó Fiannachta, in An Bíobla Naofa: 'Bhí raidhse moltaí ó scoláirí, go háirithe ó Mhuiris Ó Droighneáin.' Bhí toradh a mhachnaimh i rith an 25 bliain deiridh dá shaol le fáil go míosúil in An tUltach
Faoi 1830 bhí sé ina ollamh regius le leigheas. Theastaigh uaidh an Bíobla i nGaeilge a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann agus d’iarr sé ar Patrick Lynch[q.v.] ó Loch an Oileáin na soiscéalta a aistriú agus iad a chur ar fáil i gcló a bheadh soléite ag daoine a bhí i dtaithí litriú an Bhéarla
Tá léirithe ag Williams in An Bíobla in Éirinn: léachtaí Cholm Cille XX (1990) go ndeachaigh Bíobla Bhedell i gcion ar An Bíobla Naofa (1981) (‘Bíobla Mhaigh Nuad’). Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Bhain siad leis an mBíobla Naofa agus Liotúirge na hEaglaise a bheith i nGaeilge sa chló rómhánach, go gcuirfí caiticeasma oiriúnach ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, go mbeadh daoine oiriúnacha ar fáil i ngach deoise chun seanmóirí, teagasc agus seirbhísí i nGaeilge a thabhairt, agus go mba thairbheach go gcuirfí sagairt Chaitliceacha a bhí iompaithe ina bProtastúnaigh i mbun oibre
Chuir sé Leabhar Irimiá ar fáil i 1975 agus sin é an t-aistriúchán atá in An Bíobla Naofa, 1981 (‘An tAthair Aibhistín Valkenburg a sholáthraigh Irimia i gcomhairle leis an Ath
Deir Pádraig Ó Fiannachta in An Bíobla Naofa, 1981 (‘Focal ón bhFear Eagair’): ‘Is leagan ar leith de chuid an Athar Colmcille, O.Cist., atá againn i gcás Na Sailm.’ Bhí beartaithe aige My Fight for Irish Freedom le Dan Breen a aistriú go Gaeilge ach nuair a fuair sé sin a bheith ródheacair chuaigh sé i mbun taighde ar stair Chogadh na Saoirse i dTiobraid Árann; ba é an toradh a bhí air sin Trodairí na Treas Briogáide, 1955 le ‘Colm Ó Labhra’; de mhuintir Labhra máthair a athar
I mbrollach An Bíobla Naofa, 1981 gabhann Pádraig Ó Fiannachta buíochas leis an bhForas agus le Mac Thiarnáin as a dtacaíocht fhial