Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Sa réamhrá deir Ó Baoill: ‘Thug Aodh bunadhas a bhfuil de cheoltaí annseo damh agus chuidigh sé go mór liom na h-amhráin a sgríobhadh amach.’ Foilsíodh i 2001 Amhráin Hiúdaí Fhéilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste. Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar agus Mánus Ó Baoill a chóirigh an ceol, 2001; tá ann 19 amhrán agus deich laoithe/dánta a bhailigh Aodh Ó Duibheannaigh agus Pádraig Ó Droighneáin—Aodh a bhailigh dosaen de na hamhráin agus sé cinn de na laoithe. I 1942 fostaíodh é mar thimire agus mar mhúinteoir taistil i gceantair i gcontaetha Ard Mhacha agus Thír Eoghain; bhí ranganna aige in Ard Mhacha féin, sa Mhaigh, i bPort an Dúnáin agus i nDún Geanainn