Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
Chaith Tadhg Ó Ceallaigh, múinteoir taistil Chonradh na Gaeilge, mí san oileán (féach ‘Ag Tagairt don Leabhar’ sa chéad eagrán de Allagar na hinise, 1928) agus chuireadh leabhair chuige ··· Bhí aithne aige ar Phádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) [q.v.] céad eagarthóir Allagar na hinise agus An tOileánach, ó bhí sé an-óg i mBaile an Ghóilín agus chuir seisean a chuid ábhair i gcló in An Lóchrann ··· Deir an Coileánach faoi Bhrian Ó Ceallaigh in Oidhreacht an Bhlascaoid: ‘B’é dhuine ba thábhachtaí díobh Brian Ó Ceallaigh agus iad go léir a thógaint le chéile, mar b’é seo an té ba bhun le Allagar na hinise agus An tOileánach agus n’fheadar cé méid eile de litríocht an Bhlascaoid a scríobh’ ··· Cuairteoir ar chabhraigh Tomás go mór leis ba ea an tAthair Seoirse Mac Clúin[B1] nuair a bhí sé i mbun Réilthíní óir a réiteach. Thosaigh Tomás ar chín lae a scríobh le cur chuig Brian Ó Ceallaigh agus is é ar 5 Nollaig 1918 an dáta tosaigh sa leabhar Allagar na hinise (1928) a bunaíodh ar ábhar an chín lae sin arbh é an Seabhac a rinne eagarthóireacht air ··· Níor foilsíodh go fóill téacsanna neamhchiorraithe Allagar na hinise agus An tOileánach. An Gúm freisin a d’fhoilsigh Dinnsheanchas na mBlascaodaí (1935)
Faightear léargas ar an sórt caidrimh a bhí eatarthu in Allagar na hInise le Tomás Ó Criomhthain [q.v.] ··· Seán an Ghrinn a thugann an Criomhthaineach air go minic in Allagar na hInise agus is léir go mbaineadh sé ardtaitneamh as a chuideachta: ‘Thug Seán an Ghrinn tamall maith den lá seo istigh i mo thigh féin i mo theannta agus níorbh fhada liom an fhaid sin mar níl aon tsiolla a ligfeadh sé amach as a bhéal ná gur ciorrú ar an aimsir duit é pé acu buairt nó a mhalairt atá ag baint leat’ (an dara heagrán, 1977 in eagar ag Pádraig Ua Maoileoin)
Is iad na haistriúcháin a rinne sé: Is truagh ná fanann an óige le Micheál Ó Gaoithín[B5] (A pity youth does not last, 1982); Allagar na hInise le Tomás Ó Criomhthain[B5] (Island cross-talk, pages from a diary, 1986), Lá dár saol le Seán Ó Criomhthain[B5] (A day in our life, 1992)
In 1973 chuir sé amach eagráin nua den An tOileánach (agus thug cabhair do Sheán Ó Coileáin chun eagrán 2002 den saothar sin a réiteach, leabhar a seoladh an oíche ar tugadh a chorp chun an tséipéil) agus de Allagar na hInise agus foilsíodh Allagar II (1999), sleachta nach raibh i gcló sna heagráin eile
Tá cuntas Bhriain le fáil mar bhrollach (‘Ag tagairt don leabhar’) in Allagar na hInise agus an dáta Márta 1928 leis. Fuair sé post mar chigire scoileanna roimh 1922 ach níor thaitin an obair leis
Ba é a chéadchuir eagar ar Allagar na hInise (1928) agus ar An tOileánach (1929), agus ba é a bhaist na teidil orthu
Bhí spéis ar leith aige sa ghrianghrafadóireacht agus tá pictiúir a thóg sé san oileán i gcló in Allagar na hInise, 1977 le Tomás Ó Criomhthain agus in The Blaskets: a Kerry Island library, 1987 le Muiris Mac Conghail. Faoin am seo bhí sé in ann é féin a thomadh i mbéaloideas na hÉireann