Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
Bhí sé fostaithe ar feadh tamaill ina dhiaidh sin mar mhúinteoir matamaitice i gClochar Chnoc Síon sa Charraig Dhubh. Is iad na leabhair a scríobh sé: Teas, 1940; Cá ndéanfad mo nead, 1954; Éireannaigh san Eolaíocht, 1966; Uisce, 1974; Aer, 1978 (a roghnaíodh mar cheann de na leabhair ab fhearr dearadh i 1978-79) ··· Bhí spéis ar leith aige in William James MacNeven (1763-1841) [B6], an tÉireannach Aontaithe ar tugadh ‘The Father of American Chemistry’ air, agus d’fhéach sé chuige go n-ainmneofaí bóthar ina dhiaidh i mBéal Átha na Sluaighe, agus scríobh an cuntas is cuimsithí dá bhfuil ar fáil air in Éireannaigh san Eolaíocht; tá sa leabhar sin freisin cuntas ar mhuintir Mhic Cnáimhín in oirthear na Gaillimhe ó timpeall 1150
Tá cuntas air ag Deasmumhan Ó Raghallaigh in Studies, Meitheamh 1941, in Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1930, ag Séamus Mac Cnáimhín in Éireannaigh san eolaíocht, 1966, arb é an cuntas is cuimsithí ar fad é, b’fhéidir, agus gan amhras tá caibidil iomlán ina thaobh ag R.R
Seo í an inscríbhinn ar a leacht i Reilig Naomh Fionnbharra, Corcaigh: ‘In learning profound, in science a master, he devoted to the intellectual and industrial progress of Ireland the fruits of his deep study of her history, language and character, and a knowledge unparalleled of her resources.’ Tá caibidil ina thaobh ag Séamus Mac Cnáimhín in Éireannaigh san eolaíocht, 1966
Ta taitneamh ar leith le baint as cuntas Shéamuis Mhic Chnáimhín in Éireannaigh san Eolaíocht, 1966