Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Is é ‘Fuar liom an adhaighsi d’Aodh’ an dán is aitheanta dá dhéantús i ngeall ar an aistriúchán a rinne James Clarence Mangan (‘O’Hussey’s ‘Ode to the Maguire’) agus tá sé i gcló in The Field Day Anthology of Irish Writing, Vol. 1, 1991. Is mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol; le Cúchonnacht a d’éag 1589; le hAodh, a mhac, a d’éag 1600; le leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí um Meán Fómhair 1607 agus a d’éag in Genoa 12 Lúnasa 1608