Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Tá cuid de na léachtaí a thug sé ar stair Bhaile Átha Cliath i gcló in Dublin Historical Record. Bhí dúil ar leith aige i stair na teanga, canúintí Chúige Laighean agus stair Bhaile Átha Cliath mar is léir ar Stair na Gaeilge: stair na dtrí gcéad bliain a chuaidh tharainn in Éirinn, in Albain agus i Manainn, paimfléad a d’fhoilsigh Cló na Saoirse in 1933, Gaelic dialects of Leinster (1935) agus ar Mhaireadar san Ardchathair (1957)
Cé chuirfeadh an cheist i Sasana, “cérbh iad na Brontes?” Agus is tábhachtaí, de mhórán, Seán Ó Neachtain i litríocht na Gaeilge ná na Brontes, ná Southey, ná Herrick i litríocht an Bhéarla’: is mar sin a bhaineann Donn Piatt[B2] an ceann dá aiste ar mhuintir Neachtain in Mhaireadar san ardchathair (1957)
Nuair a chuaigh a mhac Peadar chun na Spáinne an bhliain chéanna sin, agus é ar tí dul isteach sna hÍosánaigh, chum sé ‘Ochlán Thaidhg Uí Neachtain’: tá sé i gcló ag Donn Piatt [B2] in Mhaireadar san ardchathair (1957) agus deir sé faoi: ‘Sampla maith é sin ar fhilíocht thur Thaidhg, a bhfuil cuid mhaith artifisialtachta ag baint léi.’ Deirtear go raibh ag teip ar radharc na súl aige go luath sna 1740idí