Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 201
‘Riamh ina dhiaidh sin ní raibh gné ar bith d’obair na Gaeilge nach raibh a lámh inti go lánghníomhach’, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin in Feasta , Márta 1983 ··· Nó d’féadfadh fonn a bheith air dul ar ais ag obair go lánaimsireach leis an gConradh’ (Feasta, Márta 1983) ··· Dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin go ndearna sé a dhícheall an dá thaobh a thabhairt chun réitigh (Feasta, Eanáir 1965) ··· Ná ní bheadh ar an bhféile an slacht a bhí’ (Aindrias Ó Muimhneacháin in Feasta, Márta 1983) ··· Dúirt Pádraig Ó Fiannachta ag Éigse an tSeabhaic (Feasta, Meitheamh 1975): ‘Bailiúchán de scéalta liteartha bunaithe ar an mbéaloideas atá sa Baile seo againne
Tá cuntas air in Feasta, Meán Fómhair 1991 ag Risteárd Ó Glaisne ··· Sliocht as Beathaisnéis’ agus in Feasta, Deireadh Fómhair 1988 tá an aiste dhírbheathaisnéiseach ‘In Inis Treabhair Seasca Bliain ó shin’ ··· Deirtear mar aguisín leis an aiste sin in Feasta gurbh i nDubhabhainn, Droichead na Sionainne in Uíbh Fhailí, a tógadh é ··· Scríobhadh sé go minic in Feasta ó 1948 amach agus idir 1963 agus 1972 bhí cuid mhaith aistí leis i gcló in Scéala Éireann ··· Scríobh sé dánta faoin ainm ‘Brian Mac Aonasa’ agus foilsíodh in Feasta iad
In Feasta, Aibreán 1981 (‘Cainteoir Dúchais ó Bhlackpool, Cork’) tá cur síos draíochtúil aige ar a óige; caint é a thug sé agus 25 bliana á chomóradh ag stáisiún Raidió Chorcaí ··· ‘Cainteoir dúchais is ea mé mar sin ó Bhlackpool, Cork’ (Feasta) ··· ‘Síoraíocht fhada reatha agus gréine’ a thug sé ar an tamall sin (Feasta) ··· Is insuime go ndúirt sé san agallamh sin: ‘Bím ag maíomh i gcónaí as cúpla bonn a fuaireas le Glen Rovers toisc go rabhas suite ar bhínse na bhfear ionaid, Craobh an Chontae ’44 / ’45.’ Scríobh sé in Feasta faoin aistriú sin go Garrán na mBráthar: ‘B’shin é uair na cinniúna i gceart ··· ‘’Nuair a chuas-sa, is mé im’ mhac léinn Ollscoile, go díospóireacht i gColáiste na Tríonóide, dhiúltaíos lámh a chroitheadh le de Valera nuair a bhíos im chur in aithne dó’ (Feasta). Bhí sé ar scoil ar dtús sa Mhodhscoil, scoil Ghaelach istigh sa chathair féin
Tá an t-aitheasc a thug Proinsias roimh an gcréamadh 21 Feabhra 1994 i gcló in Feasta, Aibreán 1994 ··· In Feasta, Bealtaine 1999 tá ‘Seosamh Ó Duibhginn 1914-1994’ le hiníon Sheosaimh, Niamh Barrett. Mac feirmeora a athair Felix Deighan ach bhí gnó carraera aige nuair a rugadh Pádraig Seosamh 19 Aibreán 1914 (taifead beireatais) i nDoire Móir, Cloch Fhuaráin, i ndeisceart Ard Mhacha agus lámh leis an Iúr ··· I 1947 bhí sé ar dhuine de chairde Mháirtín Uí Chadhain a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin ..., 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin). I 1948 bhunaigh Conradh na Gaeilge an míosachán Feasta agus d’fhostaigh siad Seosamh mar bhainisteoir ··· Deir sé go raibh ‘an saol iontach beo, saol na Gaeilge, agus saol Feasta go háirithe’, go mba thráth fuinnimh agus díograise an tréimhse a chaith sé siúd i mbun na hirise, agus tugann cuntas ar na ‘briatharchathanna’, ar na scríbhneoirí spreagúla, agus ar na bagairtí dlí a rinneadh in aghaidh na hirise ··· Timpeall an ama sin bhíothas ag beartú coicíosán a dhéanamh de Feasta (Inniu 13 Márta 1953)
., agus an t-eolas agus an taithí a bhí aige orthu, is mó a chuaigh i gcion ar iriseoirí agus ar a chomhghleacaithe i gConradh na Gaeilge; níl rud is fearr mar léiriú air sin ná na téarmaí a chaith sé ina eagarthóir ar An Glór agus Feasta ··· Tá cuntais air: ag Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina uachtarán ar an gConradh 1965-68, in Feasta, Samhain 1997; ag Muiris Mac Conghail agus Mícheál Ó hUanacháin in Irish Times 12 Samhain 1997; ag Micheál Mac Aonghusa in Feasta, Márta 1998 ··· Ceapadh ina eagarthóir ar An Glór é i dtús 1944. Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta 1966-1972; roimhe sin bhí sé ar an gcoiste eagarthóireachta agus ina fho-eagarthóir faoi Eoghan Ó Tuairisc[B5], fear a raibh sé an-chairdiúil leis (Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar, 1988 le Máirín Nic Eoin) ··· Dhein sé cúram ar leith de na healaíona físeacha, agus ba mhinic grianghrafanna de shaothar ealaíontóirí óga i gcló aige i Feasta.’ Bhí cuid mhór de Mhór-roinn na hEorpa siúlta aige
Tá eolas ina thaobh: in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973; ag Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile, 1983 agus in Ar son na Gaeilge, Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993; in Feasta, Meitheamh 1955 (i gcló freisin in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna) ··· Bhí sí féin agus a muintir gníomhach i gConradh na Gaeilge i gceantar Neidín i dtosach na haoise seo’ (Feasta) ··· Sa tréimhse fiche cúig bliain sin ag obair don Oireachtas dó, chuir sé stró nach beag air féin ar mhaithe le Gaeil’ (eagarfhocal Feasta, Iúil 1989). Bhí rí-spéis aige sa drámaíocht ··· Foilsíodh gearrscéalta agus aistí dá chuid in Feasta
Gan amhras tá neart tagairtí di ag Proinsias in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 agus tá agallamh a chuir Proinsias uirthi i gcló in Feasta, Deireadh Fómhair 2001 ··· Bhí sí gníomhach san Ard-Chraobh agus tá a cuntas ‘An Ardchraobh 1944-1994’ i gcló in Feasta, Meán Fómhair 1994 ··· Bhí sí ina huachtarán ar an gcraobh sin ar ball agus bhí ar dhuine de na múinteoirí san Ardscoil acu; tá cuntas ar an scoil sin san uimhir chéanna sin de Feasta ··· Tá aistí aici i dtaobh na heagraíochta sin in Feasta, Deireadh Fómhair 1983, Nollaig 1983 agus Feabhra 1984. Ba shuim léi riamh an drámaíocht
Eagrán speisialta in ómós dó is ea Feasta, Deireadh Fómhair 1991, agus tá beathaisnéis ghairid iontaofa ann (ar leanúint in Feasta, Samhain 1991) ag Riobárd Mac Góráin ··· San eagrán speisialta úd de Feasta gheofar tuairimí Dhonncha Uí Chróinín, fear de bhunadh an cheantair, ar a mhéid a chuaigh sé i gcion ar an áit ··· I dtéarmaí mórtais dlisteanaigh chine (seachas an gnáthshaghas) agus i dtéarmaí chroí cheoil a mhuintire, chuir sé dhá bhrobh san áit nach raibh ach ceann amháin roimhe’ (aistriúchán ó Bhéarla Acton i gcló in Feasta, Deireadh Fómhair 1971)
Bhí clár aige ar Raidió na Life agus rinne sé físeáin ar an nuafhilíocht le hAingeal Ní Chualáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ábhar cruthaitheach a chonacthas i gcló uaidh i dtosach, dán, ‘Máthair fir,’ Feasta, Bealtaine, 2006 ··· Lean gearrscéal, ‘Shalimar,’ agus dán, ‘Dies Irae,’ in Blaiseadh pinn (Cois Life, 2008); ‘Cliché,’ Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge, Eanáir 2010; ‘Ciotóg,’ Southword 2, Iúil 2011; ‘Dán do Thomás,’ Nua-Aois, agus ‘Scéilín Cruthanta,’ Feasta, Deireadh Fómhair 2011 ··· Ó 2009 is ag dul i líonmhaire in aghaidh na bliana a bhí an méid alt agus léirmheasanna uaidh ar Comhar agus Feasta go háirithe, ar réimse leathan ábhar: nualitríocht na Gaeilge, léann na hÉireann, an t-iarchóilíneachas, an scannánaíocht, an fhealsúnacht, agus na físealaíona ··· Seo mar a rinneadh cur síos ar Mhuiris ar Comhar, Lúnasa 2014: ‘Bhí féith na bhfocal agus bua ealaíonta go smior i Muiris Ó Meara, a bhí ar na scríbhneoirí próis ab fhearr dá linn, criticeoir géarshúileach agus scéalaí corraitheach a raibh mórshaothair agus gradaim i ndán dó sular cailleadh é.’ Agus mar seo ar Feasta, Meán Fómhair 2014: ‘Fear a raibh éirim agus intleacht thar an ngnách ann.’ Foilsíodh Solas ar na dumhchannaí: aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara, in eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Siún Ní Dhuinn in 2016. Bhásaigh Muiris, tar éis tinnis gearr, i mBaile Átha Cliath ar 28 Meitheamh 2014. Ailt Anaithid [eagarfhocal] (2014) Comhar Lúnasa, 4. Mac Fhearghusa, P
Tar éis dó filleadh ar Éirinn chaith sé beagnach daichead bliain ag obair do Bhord Soláthair an Leictreachais. Ó na1950idí luatha ar aghaidh bhíodh ailt i gcló aige in Comhar, Feasta, Inniu, Anois, An Aimsir Óg agus The Irish Times agus chraoltaí cainteanna dá chuid ar Radio Éireann agus ar Raidió na Life ··· Ba é an t-alt deiridh aige ‘Gnó an phinn: easnaimh ar réimsí na scríbhneoireachta Gaeilge’ in Feasta, i mí Dheireadh Fómhair 2011 ··· Rinne Seán Ó Ceallaigh léirmheas ar Gnóthaí eachtracha in Feasta (Bealtaine 2001)
Tá an aiste ‘Diarmuid Ó Donnchadha’ i gcló ag Pádraig Ó Baoighill in Feasta, Iúil 2012 ··· Bhí formhór na dteachtaí in aghaidh an rúin. Ó 1963 amach bhí aistí dá chuid i gcló in Feasta agus i 1964 d’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar, Múineadh na Gaeilge ··· Deir an Dr Pádraig Ó Baoighill in Feasta, Iúil 2012: I dtaca le cúrsaí do dhaoine fásta, chabhraigh Diarmuid fosta le Bord na Gaeilge i mórán áiteacha ar fud na tíre
Rinne sé, amhlaidh sin, snaidhm iomaithne agus iomcharadais a cheangailt idir chathair seo Bhaile Átha Cliath inar chónaigh sé agus Gaeltacht an iarthair as ar fáisceadh é (Feasta, Eanáir 1957). Sóisialach ba ea é ach ina theannta sin Caitliceach cráifeach ··· Scríobh Seosamh Ó Duibhginn in Feasta Meán Fómhair 1956: Ba togha Gaeilgeora é ··· Tá cuntas Mhichíl féin ar an eachtra ba bhun leis an dráma in Feasta, Bealtaine 1955, faoin teideal ‘An ruathar úd agus a ndeachaigh leis’
Bhí ‘An Gunnadóir Mac Aoidh’ in Feasta, Deireadh Fómhair 1949 agus roghnaíodh in Nuabhéarsaíocht (1950) é ··· Dúirt an léirmheastóir Tomás Ó Floinn faoi in Feasta, Meitheamh 1962 gurbh í an chéad iarracht fhiúntach í ar úrscéal staire a scríobh sa Ghaeilge ··· Roghnaíodh Ó Tuairisc agus John Montague mar ionadaithe na hÉireann chuig féile idirnáisiúnta filíochta sa Bheilg in 1965. Ceapadh é ina eagarthóir ar an míosachán Feasta in 1963
Sin é a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin faoi in Feasta, Lúnasa 1967. Rugadh Leon Ó Dubhghaill ar 2 Bealtaine 1907 i gCaonach, Co ··· Chaith sé ocht mbliana déag ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Feasta. An cháil a bhí air riamh gurbh fhear mór coistíochta é ach, mar is léir ar na haistí a scríobh Aindrias Ó Muimhneacháin agus Seosamh Ó Duibhginn faoi in Feasta, Lúnasa 1967, ní suí chun boird ná plé díomhaoin a bhí i gceist ach síorobair
Agus cheana féin bhí cáil na troda agus na bríomhaireachta air i measc léitheoirí toisc léachtaí a thug sé ar an litríocht (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Feasta, Samhain 1949) agus ar an mbéaloideas (in Feasta, Márta 1950). Bhuaigh an t-úrscéal Athnuachan duais an Chlub Leabhar ag Oireachtas 1951 ··· Bhí sliocht de i gcló in Feasta, Samhain 1951 agus sliocht eile in Oghma 5, 1993
D’éag sé ar 6 Feabhra 1953. Tá cuntas ar a shaol is a shaothar ag an Athair Tadhg Ó Murchú in Feasta, Aibreán 1953 ··· Ach ba é an saothar ba mhó a chuir a ainm in airde na leaganacha Nua-Ghaeilge de dhánta na Sean-Ghaeilge a bhí Feasta a fhoilsiú ó 1950 ar aghaidh
Fíoreiseamláir den chaoi a dtáinig síol an Chonartha faoi bhláth í meon agus i gcroí an duine’ (Feasta, Aibreán 1969). Ba é an dara duine é sa chlann cheathrar mac agus beirt iníonacha a bhí ag Denis Tallon agus Mary Kavanagh ··· Ba chuimhin le hAindrias Ó Muimhneacháin (Feasta, Aibreán 1969) Séamus agus a dhlúthchara Tomás Page[B1] a bheith ag seinm ceoil ag céilithe an Choláiste. Bhí sé ina rúnaí ag Múinteoirí Gaeilge na hÉireann ó 1928 amach, ina bhall d’ardchomhairle an Fháinne an bhliain chéanna sin, agus ina bhall den Choiste Gnó 1930–67, é ina chisteoir acu ar feadh tréimhse
Ba eisean faoi deara Matha, 1966 freisin – d’aistrigh sé ceithre huaire é agus dúirt i litir chuig Pádraig Ó Fiannachta (Feasta, Bealtaine 1969): ‘Níl sé gan locht, ach is é gníomh mo nirt é’ ··· D’éag sé ar 2 Aibreán 1968 agus tá sé curtha i reilig Chnocán Iaróm i mBaile Átha Cliath. In Feasta Bealtaine 1969, dúirt Pádraig Ó Fiannachta ina thaobh: ‘..
In ‘Seosamh Daibhéid agus cuid dá chairde’ (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) tuairimíonn Tomás de Bhaldraithe gur cheal Béarla a theip air cead dul go dtí na Stáit Aontaithe a fháil ón gconsalacht i mBaile Átha Cliath ··· Chabhraigh Seosamh Daibhéid leis chun eagar a chur air agus ar bhealaí eile (Tomás de Bhaldraithe in Feasta, Deireadh Fómhair 1988)
I gCill Ria i 1903 a cheangail sé le Conradh na Gaeilge (agallamh in Inniu 15 Márta 1957 agus nóta in Feasta 1956) ··· Bhí ailt i gcló aige in Feasta, Inniu, Capuchin Annual, Dublin Historical Record, Journal of the Royal Society of Antiquaries in Ireland, Reportorium Novum, Breifne...
Tá cur síos ag Seán Mac Mathúna in ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ (Feasta, Samhain 1979 eagrán speisialta) ar an dá chás dlí a bhí aige ··· Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhaigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912 chun cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú chun cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis[q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in An Barr Buadh 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc in Feasta, Feabhra 1978)
Bhagair sé dlí a chur ar an gCoiste Gnó i 1914 toisc gur thug toscairí an Chonartha taispeántas de dhéantús na hÉireann amach go Meiriceá leo: ba eisean a smaoinigh ar an seift ar dtús agus ba cheart cuid den bhrabach a theacht chuige (Donnchadh Ó Súilleabháin in Feasta, Eanáir 1982) ··· Tá cur síos ag Donnchadh Ó Súilleabháin san aiste úd in Feasta ar chuid dá thionscnaimh eolaíochta
Scríobh Micheál Ó Bolguidhir cuntas air in Feasta, Iúil 1949 ··· In aiste dar teideal ‘Obair na hAthbheochana i gCill Chainnigh’ (Feasta, Bealtaine 1993) deir Seán Ó Briain nach raibh a dóthain Béarla ag Eibhlín Ní Chróinín ar theacht go Cill Chainnigh di agus gur chaith sí leathbhliain á foghlaim i gClochar na Toirbhirte
Ach rinne Aindrias Ó Muimhneacháin an cur síos seo air in Feasta, Iúil 1956: ‘.. ··· ‘Ní dúirt sé éinní riamh liom i dtaobh fáth a imeachta, cé gur thuigeas uaidh go mba mhór an díomá dhó nárbh fhéidir dó fanacht anso farainn ag gabháil do mhórmhian a chroí’ a dúirt Ó Muimhneacháin in Feasta i ndiaidh a bháis
Luaitear go minic freisin a shraith aistí ‘Smaointe Fánacha ar an bhfilíocht’ in Feasta, Eanáir-Meán Fómhair 1954 ··· Bhíodh ábhar Gaeilge aige in Misneach, Fáinne an Lae, An Branar, Éarna, Fr Mathew Record, Humanitas, Éire, Feasta. D’éirigh sé as a phost i Scoil Naomh Pádraig in 1921: níor ceapadh ina phríomhoide é agus bhí ráfla ag dul timpeall gurbh i ngeall ar a pholaitíocht nach bhfuair sé an post
Deir Donncha Ó Súilleabháin san aiste ‘An chéad choláiste samhraidh’ (Feasta, Meán Fómhair 1972) gur fhreastail sé ar Choláiste na Mumhan i 1905 ··· ‘Ní raibh aon ró-dhóchas ag lucht an Choiste go mbeadh rath agus toradh ar scoil dá samhail san aimsir chorraithe a bhí ann, agus ní mó ná mar a chreideadar ráiteas an Fhir Mhóir go gcuirfeadh sé na leanaí ag labhairt na Gaeilge in aon téarma amháin, ach ghéilleadar go haithleasc fé dheireadh dá dhúthracht agus dá mhisneach, agus tugadh cead a chinn dó’, a dúirt Seán Ó Cuirrín [q.v.] os cionn a uaighe an lá a cuireadh é i reilig na Rinne (Feasta, Samhain 1959)
Deir Breandán Mac Giolla Coille in Feasta, Deireadh Fómhair 1988: ‘Bhi lámh an-trom ag Risteard mar eagarthóir agus ní foláir nó bhí foighne an naoimh ag Mícheál’ ··· Mhaíodh seisean gurbh i gCraobh Oisín, Manchuin, a d’fhoghlaim sé féin an teanga (Feasta, Iúil 1961)
Is minic a chuir an fhuacht agus an t-ocras isteach air freisin’ (‘Séamus Mac Conglinne’, le Treasa Nic Conglinne in Feasta, Lúnasa 1991) ··· Ní raibh aige ag an am ach cibé beagán Gaeilge a d’fhoghlaim sé sa bhunscoil. Deir Seán Mac Gearailt (Feasta, Bealtaine 1979) gur tairgeadh post státseirbhíse dó i 1922, tharla aithne mhaith bheith aige ar threoraithe polaitiúla na linne sin, ach gurbh fhearr leis bheith ag obair don Chonradh
In Feasta, Márta 1961, scríobh Micheál Mac Cárthaigh: ‘Ba ghnách leis cúlscéal an amhráin a insint ar dtús ... ··· Scríobh Micheál Mac Cárthaigh cuid dá chuimhní air in Feasta, Márta 1961, agus tá eolas ina thaobh i gcló ag Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, (1987).
In Dúchas (1986) tá: ‘Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644): an cúlra stairiúil’ le Donnchadh Ó Corráin; ‘Eochair-sgiath an Aifrinn’ le Pádraig Ó Fiannachta; agus ‘Seathrún Céitinn agus an stíl Bharócach a thug sé go hÉirinn’ le Tadhg Ó Dúshláine (tá na haistí sin i gcló freisin in Feasta, Deireadh Fómhair 1984) ··· Agus gan amhras níl a shárú le fáil mar shampla de stíl phróis Ghaelaigh ab fhearr lena linn.’ Deir Tadhg Ó Dúshláine (Feasta, Deireadh Fómhair 1984): ‘Is é an Céitinneach an té is tábhachtaí go fada de na himircigh intleachtúla sin ó Éirinn san 17ú haois, mura mbeadh ann ach toirt a shaothair...
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá sé gan aon amhras ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hathbheochana; is mar seo a rinne Máirtín Ó Cadhain[B4] cur síos air um Shamhain 1949 sa léacht ‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ (Feasta, Marta 1950): ‘Níl, dar liom, gaisce mhór ar bith déanta i litríocht Ghaeilge na linne seo... ··· Deir Gréagóir Ó Dúill in Comhar, Iúil 1990: ‘Seasann leabhair dár aistrigh sé mar chuid de litríocht na Gaeilge—Eadarbhaile ar Adrigoole le Peadar O’Donnell agus Séideán bruithne ar Typhoon le Joseph Conrad le dhá shampla a lua.’ Gheofar cuntas beacht ar thuairimí Mhic Grianna i dtaobh an Ghúim agus na sclábhaíochta a bhain leis na haistriúcháin in Feasta, Aibreán 2002 (‘Scríbhneoirí Gaeilge Dhún na nGall agus scéim Aistriúcháin an Ghúim’ le Nollaig Mac Congáil)
Risteárd Ó Glaisne is mó a bhailigh eolas uirthi: tá ar bhailigh sé ina leabhar De Bhunadh Protastúnach: nó Rian Chonradh na Gaeilge, 2000 agus sna hagallaimh a rinne sé léi in Feasta, Aibreán, Meitheamh, Samhain agus Nollaig 1989 ··· Nuair a shíl sí insint Austin Clarke ar an scéal, The Moment next to nothing, a bheith graosta, réitigh sí leagan Nua-Ghaeilge don raidió; craoladh é i mí Iúil 1956 (agus foilsíodh é in Feasta, Bealtaine 1957 et seq.) D’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a heagrán de Aided Muirchertaig Meic Erca, 1964
‘Bhíos tosaithe ag scríobh píosaí beaga Gaeilge, píosaí nach raibh mórán slacht orthu go deimhin agus nach bhfoilseófaí in aon chor, seans, murach gurbh fhonn leis an Athair Eric seans a thabhairt dom’ leithéid nach raibh fearrasbarr oideachais orthu ach a bhí meáite ar rudaí a bhreacadh ar phár’ (Feasta, Lúnasa 1987) ··· Bhí colún aige in Feasta 1985-87, an colún ‘Litir Shasana’ in Amárach, agus aistí in Inniu, Irish Times, Irish Press, Anois, Irish Post
Dúirt sé le le húdair an chuntais seo, nuair a bhí i gceist ag an Rialtas, de dheasca an tóin a bheith ag titim as an eacnamaíocht, deireadh a chur le Scoil an Léinn Cheiltigh, go raibh sé ina meascsan a chomhairligh go láidir do Haughey nár chun leasa Fhianna Fáil a rachadh a leithéid de bheart. Deiseanna eile aige a thuairimí a nochtadh ba ea Anois, Foinse, Feasta, Hibernia, New Statesman... ··· Bhí dán dar teideal ‘Fáinleoga’ i gcló aige in Feasta in 1950, ach roimh 1989 ní mórán eile a bhí aige sa mhíosachán sin
Ba iad a thuismitheoirí John Kirby, iascaire agus feirmeoir a raibh gabháltas beag aige, agus Mary Cremin; mar Sheán Ua Ciarmhaic agus Máire Ní Chreimín a ainmníonn sé iad in Feasta, Meán Fómhair 1989 (‘Beatha, Iascaireacht agus Scríbhneoireacht’) ··· ‘Cé go raibh ceadúnas faoi uimhir dhleathach imirce agam dul isteach ins na Stáit Aontaithe arís, agus mé ullamh chun dul, bhris an tarna cogadh domhanda amach agus dúnadh doras na himirce ar gach éinne ach amháin saoránaigh na tíre sin’ (Feasta, Meán Fómhair 1989)
Thug Domhnall Mac Síthigh, file agus scríbhneoir, aitheasc moltach tar éis aifreann na sochraide i nDún Chaoin (i gcló in Feasta, Iúil 2006) ··· Bhí corralt agus gearrscéal aige in Comhar agus Feasta
Tá ‘Aitheasc an Uachtaráin, Cumann na Meánmhúinteoirí’ i gcló in Feasta, Meitheamh 1956 ··· Bhí ábhar i gcló aige in Feasta idir 1949 agus 1975 agus in Comhar idir 1947 agus 1971
Tá litir a scríobh sé faoi mhodhanna múinte Mháirtín i gcló inDe Ghlaschloich an Oileáin..., 1987 agus go gairid i ndiaidh bhás Mháirtín bhí litir i gcló aige in Scéala Éireann 2 Samhain 1970 agus aiste aige air in Feasta, Deireadh Fómhair 1971 ··· D’éag sé 19 Eanáir 1983 agus cuireadh a luaithreach i reilig Ghlas Naíon. Chraoltaí gearrscéalta Gaeilge dá chuid ar Radio Éireann agus foilsíodh cuid eile díobh in Feasta agus in Comhar
Foilsíodh cúig dhán dá cuid in Feasta, Feabhra 1961 ··· Bíodh go bhfuil Cáit sé bliana déag ’s trí fichid tá sí chó lúfar, beo le haon bhean óg.’ Roghnaíodh péire dán léi, a bhí i gcló ar dtús in Feasta, in Nua-Fhilí 2(1953-63) in eagar ag Séamas Ó Céileachair[B8], 1968
In Feasta Iúil 1964 tá ‘Seán Dathach: ómós do Sheán Ó Súilleabháin (1906-1964)’ ag Tomás Ó Muircheartaigh[B1] agus ‘Ealaíontóir Éireannach’ ag Muiris Mac Conghail (Maurice MacGonigal 1900-79) ··· Deir Mac Conghail (Feastaop cit): ‘Rinne sé portráid de gach duine céimiúil sa tír, geall leis
Chaith sí tamaill ina dhiaidh sin ag obair in Gael Linn agus i Raidió na Gaeltachta (Baile Átha Cliath). Bhí gearrscéalta i gcló aige in Feasta i rith 1953–1956 ··· Scríobh sé cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige le Breandán Ó Beacháin[B5] in Feasta, Meitheamh 1964 nuair a d’iarr Eoghan Ó Tuairisc[B5] sin air
Gan amhras scríobhadh cuid mhór cuntas air tar éis a bháis agus ina measc tá: ‘Fiche bliain faoi bhláth (1969-1989)’ le Tadhg Ó Dúshláine in Feasta, Meitheamh 1990; ‘Bua agus beannaíocht’ le Diarmaid Ó Doibhlin in An tUltach, Meitheamh 1990; ‘Bíonn fir mhaithe gann’ le Proinsias Mac Aonghusa in Feasta, Meitheamh, 1990; ‘An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich’ le Réamonn Ó Muirí in An tUltach, Meitheamh, 1990; in Seanchas Ard Mhacha, 1990; in Creggan: Journal of the Creggan Local History Society, 1991 mar a bhfuil cuimhní pearsanta agus cur síos le daichead dá lucht aitheantais ar ghnéithe dá shaol agus ar eachtraí a bhain dó; an réamhrá a chuir Diarmaid Ó Doibhlin le Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992)
Tá cuntas air: in The Irish Times 20 Samhain 1999; in Feasta, Nollaig 1999; agus ag Tomás Ó Concheanainn in Éigse XXXIII, 2002 ··· Bhí sé tamall fada ina eagarthóir ar Éigse freisin. Deirtear i gcuntas Feasta: ‘Is deimhneach go bhfuil sé le háireamh ar phríomhscoláirí Gaeilge an 20ú haois
Tá cuntas ag Seosamh Ó Duibhginn in Tuairisc, 1982 ar alt Uí Chadhain, ‘Scoláireachtaí Gaeltachta’, in Feasta, Iúil 1960 agus ar an mbriatharchath a lean é ··· Thuig Caomhnóirí Ghael Linn go raibh an Cadhnach ag cur ina leith go bhfuair siad sochar as ucht iad bheith ina gCaomhnóirí agus ar deireadh b’éigean do Feasta a leithscéal a ghabháil
As sin amach scríobhadh sé ailt agus gearrscéalta in An Glór, Feasta, Comhar, Scéala Éireann… ··· Roghnaíodh dánta dá chuid in Nua-fhilí 3 agus d’fhoilsítí a dhánta in Déirdre, Feasta…. Ar shaol na tuaithe le linn a óige a bhunaigh sé a ghearrscéalta
Foilsíodh ailt leis in Feasta, Inniu, Agus, An tUltach ··· Dhéanadh sé moltóireacht ag féilte drámaíochta, bhí ina léirmheastóir drámaíochta ag Feasta ó 1960 go 1963) agus scríobhadh léirmheasanna in Scéala Éireann
Bhí spéis aige i scríobh na staire mar is léir ar an alt ‘Tírghrá agus athscríobh na staire’ (Feasta, Iúil 1993) agus níor scorn leis a bheith éadromchroíoch in ailt mar ‘Was St Francis really a Hippy?’ (The Brief, Márta 1971) agus ‘Poitín: Peccatum Reservatum’ (An Sagart, Fómhar 1978) ··· Sholáthraíodh sé ailt ní hamháin do na hirisí léannta Gaeilge agus creidimh (Éigse, Collectanea Hibernica, Irish Ecclesiastical Record, Catholic Survey, Assisi ...) agus do na hirisí staire lógánta (Breifne, Clogher Record, Donegal Annual, Kerry Archaeological Society Journal, Journal of the South Derry Historical Society, Louth Archaeological Society Journal ...) ach do Feasta, An Sagart, Irish Independent ...
I rith na 1950idí bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Feasta, Comhar agus An tUltach ··· B’fhiú le hInstitiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath aird a tharraingt in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942–71 (1986) ar an aiste sin aige ‘Lúireach Phádraig’ a foilsíodh in Feasta Márta 1958
Leabhar cuimsitheach é seo faoi stair agus faoi mhúineadh na Gaeilge ar ‘geall le hobair saoil é’ (féach léirmheas le hAlan Titley Feasta, Meitheamh 2012). Sna seachtainí i ndiaidh a bháis ar 20 Márta 2013, craoladh míreanna fada faisnéise ar Nuacht TG4 faoi na líomhaintí a rinneadh in éadan Uí Lubhlaí agus cuireadh agallamh ar chuid acu sin a chuir ionsaithe ina leith
Chaith sé os cionn scór bliain ag freastal ar Dhaonscoil na Mumhan agus bá é an cathaoirleach a bhí ar bhord stiúrtha na heagraíochta An Clár as Gaeilge Teo., togra comhpháirtíochta fobartha teanga do Chontae an Chláir. Thuig sé tábhacht an oideachais, chaith tréimhsí ar bhoird bhainistíochta scoileanna éagsúla, ina measc an scoil náisiúnta ina cheantar féin, Fíoch Rua, agus Gaelcholáiste an Chláir in Inis. Bhíodh a ghlór le cloisteáil go rialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é le feiceáil ar TG4. Chomh maith leis an dá leabhar a tháinig óna lámh, ba mhinic leis ailt agus litreacha a scríobh sna hirisí Feasta agus Comhar agus bhí colún seachtainiúil aige i nGaeilge sa nuachtán The Clare Champion
Rugadh beirt chlainne dóibh, Úna, a cailleadh go hóg, agus Dónall. Tar éis do Mhairéad dul le saoririseoireacht, is iomaí alt agus léirmheas léi a foilsíodh ar na hirisí Feasta agus Comhar, agus ar feadh blianta bhíodh colún míosúil do dhaoine óga aici ar An tUltach
Bhí a athair ina ardmháistir sa scoil chéanna, post a bhí ag Diarmuid ar ball. Seans gurbh é an chéad phíosa próis dá chuid a foilsíodh an gearrscéal ‘Na Trí Nómaití’ in Feasta, Nollaig 1951
In alt in Scéala Éireann 12 Aibreán 1973 tá an tagairt seo ag Nollaig Ó Gadhra d’Aindreas: ‘Ní amháin gur fathach chun oibre an fear seo… Duine é a thuigeann cúrsaí craolta go smior agus a chreideann ina cheird.’ D’fhill Aindreas ar theilifís RTÉ i gceann na dtrí bliana agus ceapadh é ar ball ina Leas-Stiúrthóir uirthi. Is léir ar a scríbhinní Gaeilge anseo is ansiúd gur stílí maith anamúil próis Aindreas: gearrscéalta agus léirmheastóireacht leis in Comhar ó 1959 go 1978, alt aige in Feasta, Eanáir 1959, faoin dealbhóir Séamus Murphy; léirmheasanna aige in Scéala Éireann, agus go háirithe an cuntas aige in Scríobh 3
Ó 1966 amach bhí dánta agus léirmheasanna leis i gcló in Comhar agus in Feasta
Ó 1970 amach bhí idir aistí, gearrscéalta, dánta agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar agus in Feasta
Chonaic Ciarán Ó Coigligh cosúlachtaí ina chuid filíochta le Raiftearaí agus le Máire Bhuí Ní Laoghaire i léirmheas a foilsíodh ar Feasta Nollaig 1984, 7-12, agus dar le Tomás Mac Síomóin i léirmheas ar Cloch an fhaoileáin, a foilsíodh ar Scéala Éireann 27 Meitheamh 1984, 6, go raibh ‘filíocht Dhara Bhig ag coinneáil bonn ar aon leis na hathruithe’ a bhí ag síorthitim amach ar shaol an oileáin
Ó na 1950idí amach d’fhoilsítí mórchuid aistí agus dánta leis in Comhar agus bhíodh corrdhán aige freisin in Feasta
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí baint mhór aici ar feadh na mblianta le Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, agus tá cuntas uirthi in Coláiste Chonnacht: na blianta tosaigh i dTuar Mhic Éadaigh, 2005 a d’fhoilsigh Coiste Oidhreachta Thuar Mhic Éadaigh
Bhí aistí aige in Inniu, Comhar, Feasta...
Tá cuntas uirthi ag Risteard Ó Glaisne in Feasta, Lúnasa agus Meán Fómhair 1979.
Tá aistí aige in Feasta, Feabhra, Márta, agus Meitheamh 1954, ar an bpáirt a bhí aige in obair Chonradh na Gaeilge ann
Bhí aistí leis i gcló in Irish Book Lover, Béaloideas, Feasta
Ní go dtí 1964 a thosaigh sé ag soláthar ábhair, idir dhánta, ghearrscéalta agus aistí, in Comhar agus Feasta
Liostaítear ceapacháin mhórchlúiteacha eile in Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010: ‘He was Burns Scholar at Boston College, Parnell Fellow at Cambridge University, a French Government Fellow at the Sorbonne, a Folger Library Fellow at Washington and a visiting professor at New York University.’ Gan amhras bhí aistí iomadúla aige in irisí léannta agus foilseacháin mar Zeitschrift für celtische Philologie, Lochlann, Ériu, Celtica, UCC Record, Éigse, Studia Hibernica, Léachtaí Cholm Cille, Scríobh, Galvia, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Local Studies, The Irish Review, Proceedings of the Royal Irish Academy ach bhí aistí agus léirmheasanna go rialta aige freisin ó 1957 amach in irisí mar Comhar agus Feasta a bhí ag freastal ar phobal leathan na Gaeilge
Bhí ailt i gcló aige go minic sna nuachtáin agus in irisí mar Éire-Ireland, An tUltach, Feasta (tuairim is 150 píosa), Comhar (ocht n-aiste agus tríocha idir 1965 agus 1985)
Agus é sa Roinn Oideachais go fóill, ceapadh é ina chláraitheoir i nDánlann Náisiúnta na hÉireann le linn do Thomas McGreevy (1893–1967) a bheith ina Stiúrthóir ann. Idir 1954 agus 1980 ba mhinic dánta, gearrscéalta agus aistí aige in Feasta, go mór mhór, agus in Comhar
Scríobh Muiris de Prionnbhíol ‘Cuimhne Phearsanta’ in Feasta, Márta 1997 agus bhí cuntais iarbháis in Irish Times 3 Feabhra 1997 agus in Cork Examiner 3 Feabhra 1997
Tá eolas ina thaobh sa cholún ‘Comhaimsearaigh’ in Inniu 29 Lúnasa 1957 agus i gcuntais iarbháis: ag Pádraig Ó Snodaigh in Comhar, Bealtaine 1996 agus in History Ireland, samhradh 1996; ag Gearóid Ó Tuathaigh in Connacht Tribune 8 Márta 1996; agus ag Nollaig Ó Gadhra in Feasta, Aibreán 1996
D’fhoilsítí a dhéantús filíochta in The Poetry Ireland Review, Feasta, Innti, Comhar
Bhí léirmheasanna agus aistí aici in Comhar, Feasta, Callahan’s Irish Quarterly (Berkley, California), An Comhar (iris Chomhar na Múinteoirí Gaeilge); Studia Hibernica…
‘Tharrtháil sé ó dhíchuimhne na huaighe cuid an-mhór de shibhialtacht shinseartha ár muintire’, a dúirt Éamonn Ó hÓgáin san aitheasc a thug sé ag uaigh Sheosaimh 17 Deireadh Fómhair 1992 (in Feasta, Samhain 1992)
In Feasta, Aibreán 2002 (‘Scríbhneoirí Gaeilge Dhún na nGall agus Scéim Aistriúcháin an Ghúim’ le Nollaig Mac Congáil) gheofar tuairim i dtaobh na sclábhaíochta a bhain leis; bhíodh sé féin agus Seosamh Mac Grianna[q.v.] ag coimhlint le chéile: ‘D’aistrigh mé féin 27,000 [focal] den Talisman i seachtain (7,000 an lá deireanach) agus d’aistrigh Seosamh Mac Grianna 29,000 de Ivanhoe (9,000 an lá deireanach).’ Ó 1930 go 1932 bhí sé ag cabhrú le Láimhbheartach Mac Cionnaith[B2] in obair a fhoclórasan
Deir Liam Mac Cóil sa léirmheas in Feasta, Aibreán 1999: ‘Is éard a bhí in Ó Floinn, léirmheastóir, Flann Mac an tSaoir, an fear léannta ag iarraidh freagairt go hoibiachtúil don saothar liteartha a bhí os a chomhair, é ag tarraingt ar a chúlra oiliúna agus léitheoireachta chun cur síos chomh cruinn agus ab fhéidir leis a thabhairt ar a raibh i gceist sa leabhar nó sa dán agus, ansin, ag iarraidh é a mheas de réir slata tomhais a chuir an cúlra céanna ar fáil dó
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas ar an bhFroinsiasach seo ag Seán Mac Stiofáin in Feasta, Eanáir 1993
Rinne Máirtín Ó Cadhain [B4] ionsaí géar, róghéar, b’fhéidir, air in Feasta, Iúil 1960: ‘Aon deilín tuirsiúil amháin ar thóir an Ghaelachais—a dhúchas—é an leabhar ó thús go deireadh.’ Ba é a thuairim nár thug Ó hUid cuntas cruinn ar Chonradh na Gaeilge Londan ná ar fheachtas míleata an IRA ach is léir freisin nach bhféadfadh sé a mhaitheamh d’iar-Óglach gur iompaigh sé a chóta: ‘Tá a chuid léinteacha, eaglaisí agus polaitíocht athraithe sách minic faoi seo aige le fios a bheith aige nach bhfuil campa ná comhthionól gan a leagan féin ar an “bhfírinne”.’ Shíl Tarlach féin gurbh é a chuir olc ar Mháirtín gur iompaigh sé ina Chaitliceach, gurbh é a theastaigh ó Phoblachtaigh go mbeadh ‘peata Protastúnach acu’
Bhíodh ailt aige go minic in Comhar, Inniu, Agus, An Glór, Feasta ...
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Feasta, Iúil 2000 tá cuntas air ag Liam Prút (‘Níorbh aon ghnáthdhuine é an File agus an Bráthair, Liam Ó hÁinle [1920-2000]’) mar aon le nóta ar na ‘Dánta Déanacha’ le Pádraig Mac Fhearghusa; tá eolas air freisin in Nua-fhilí 3, 1979 le Séamus Ó Céileachair[q.v.] agus in Scríbhneóirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh
I 1970 a thosaigh sé mar eagarthóir ar An Timire i gcomharbacht ar Sheosamh Ó Murthuile[q.v.]. Bhí ábhar i nGaeilge agus i mBéarla i dtaobh spioradáltacht na Gael á fhoilsiú aige ó na 1950idí ar aghaidh in Feasta, The Furrow, Capuchin Annual, Studies, Comhar, Irisleabhar Muighe Nuadhat ...
Trí bliana a chaith sé sa phost agus is lena linn a bunaíodh míosachán an Chonartha Feasta
Tá beathaí gairide nár cnuasaíodh le fáil in Feasta, Roscommon Herald Centenary Supplement, Comhar, Irish Times, Inniu, Studies, Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, Zeitschrift für celtische Philologie, Scríobh ..
In Cuimhní Cinn an Oireachtais (1997), in eagar ag Seán Mac Mathúna, agus arís in Feasta, Nollaig 1989 (‘Ómós ó Uachtarán Chonradh na Gaeilge’), molann Proinsias Mac Aonghusa a shaothar
Bhí sé ina dhiaidh sin ina Leas-Rúnaí ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus eagarthóireacht Feasta mar chúram air tamall. Thosaigh sé ag obair sa chlár Féach i 1969
Tá cuntas air ag Caitríona Ní Dhrisceoil in Feasta, Bealtaine 1994
Dhéanadh sé freastal ar phobail Ghaeltachta i Sasana gach samhradh. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar dhánta agus aistí agus foilsíodh ábhar Gaeilge leis in An Glór, Feasta, Comhar, Christus Rex, Inniu, Scéala Éireann, The Maynooth Union Record, Irish Monthly, Ríocht na Mí, Kildare Archaeological Society Journal
In Feasta, Nollaig 1976 tá i gcló litir ghearánach ó Phroinsias Ó Mianáin faoin gcaoi a reáchtáladh sé Coláiste Cholm Cille agus coláistí eile a bhí faoina chúram mar bhainisteoir, mar rúnaí agus mar chisteoir
Ó 1946 amach bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar, An tUltach, Inniu, Feasta, Amárach, Agus, Déirdre, Scéala Éireann, Cork Examiner, Mayo News
Bhí sé ina bhall de Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann. D’fhoilsítí a dhánta in Comhar ó 1955 ar aghaidh agus tá ceithre cinn díobh in Feasta
Bhí aistí, léirmheasanna agus gearrscéal i gcló aige in Feasta, 1969-81 agus léirmheas agus aistí in Comhar, 1973-97
Tá cuntas air ag Bearnárd Ó Dubhthaigh in Feasta, Samhain 1958 agus bhí sraith alt (‘Scoth Scéalaí Thír Eoghain’) ag Pádraig Ó Baoighill in Irish News um Shamhain 1987. ‘Ba as Corrach an Ealta i gceantar Rúscaigh i bparóiste Bhoth Domhnaigh Íochtar do chlann Chú Uladh, ar a dtugadh “Láidir”
Sholáthraíodh sé ábhar i rith a shaoil do Scéala Éireann, Feasta, Capuchin Annual, North Munster Studies, Inniu, agus An Sagart....Bhí colún Gaeilge aige in Limerick Leader 1949-55 ach d’éirigh sé as chun seans a thabhairt do Thomás Ó Conbá[B6] a chuimhní cinn a fhoilsiú sa pháipéar sin
Rosenberg; na haistí a bhí aige in Feasta in 1967 i dtaobh cúrsaí béaloidis san Eoraip
Tá cuntas air: ag Dónal Ó Liatháin in Feasta, Eanáir 1992; ag Pat Ahern in The companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely
In Feasta mhí Iúil tá feartlaoi an eagarthóra Pádraig Mac Fhearghusa
San Oireachtas athréimnithe ba í cláraitheoir an Taispeántais Ealaíon í (tá aiste aici faoin tionscnamh mór seo in Feasta, Samhain 1951). Deir Turpin: ‘One of the most informed writers to promote a general theory of art and religion in Ireland was Máirín Allen, a graduate of University College Dublin and lecturer in the history of art at the National College of Art, Dublin
D’fhoilsítí a dhéantús filíochta agus a aistriúcháin ar dhánta Spáinnise in Fearsaid, Feasta, An tUltach, Teangadóir, Comhar
Bhíodh corr-aiste agus léirmheas aige in An Muimhneach, Bonaventura, Irish Digest, Comhar, Feasta, agus in Father Mathew Record
Deir Risteárd faoi: ‘Agus ar éigean a bhí duine in Éirinn san aois seo ab fhearr a sheas leis an Ghaeilge, chomh fada len í a labhairt ná eisean.’ In Feasta, Deireadh Fómhair 1987 tá alt dar teideal ‘Fealsúnacht Oideachais an Mhonsignor Eiric’ ag Nollaig Ó Gadhra
Bhí sé ar dhuine den choiste triúir, le Tomás Ó Muircheartaigh[B1] agus Leon Ó Dubhghaill[B1], a ceapadh i 1947 chun an míosachán Feasta a thabhairt ar an saol
‘Nioclás rí-amhránaí Éireann’ a thug Nioclás Mac Craith air in óráid na huaighe (i gcló in Feasta, Samhain 1994) agus bhí gearrchuntas aige sin in Anois 24-25 Meán Fómhair 1994
Tá ábhar aige in Newbridge College Annual, An Síol, Comhar, Kildare Archaeological Society Journal, Feasta, The Furrow, An Sagart, Irisleabhar Mhá Nuad ...
Tá saothar leis in Éigse, Béaloideas, Comhar, Feasta, Celtica, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society
Tá cuntas iarbháis: ag Art Ó Beoláin[q.v.] in Agus, Meán Fómhair 1994; ag ‘S.Ó D.’ in Anois 16/17 Iúil 1994; agus ag Máirín Firtéir in Feasta, Deireadh Fómhair 1994
In Feasta, Meán Fómhair 1980 (‘Amárach – súil siar’) tá aiste ag Risteárd Ó Glaisne[q.v.] ar obair eagarthóireachta Pheadair sa pháipéar sin
Tar éis a bháis bhí alt in The Angelus ag Christy Hannon, duine dá chomh-mhúinteoirí, ar an tréimhse a chaith sé i Ros Comáin agus alt ag Seán Ó Ceallaigh in Feasta, Nollaig 1998
Bhí colún seachtainiúil aige in Inniu agus scríobhadh sé in Feasta agus in Scéala Éireann
Tá aistí aige in An Músgraigheach, Béaloideas, Celtica, Studia Hibernica, Feasta, Éigse, Ériu, The Teacher’s Work ...
Tá freisin: ‘Uaidin Gaelach’ le Cainneach Ó Maonaigh[B2] in Feasta, Meán Fómhair 1957: ‘Lúcás Uaidín O.F.M.’ le Frederic Mac Donnacha, OFM in Comhar, Eanáir 1958; ‘The Writings of Father Luke Wadding, OFM’, le Cainneach Ó Maonaigh in Franciscan Studies 18, 1958. I gcathair Phort Láirge a rugadh é ar 16 Deireadh Fómhair 1588
Fuair Comhar agus An Glór deontais speisialta freisin de bharr na toscaireachta sin (tháinig Feasta in áit An Glór tamall ina dhiaidh sin) ...
Ach ar feadh tamaill mhaith is i ngeall ar a eolas ar Ghaeilge Chois Fharraige agus ar stair shóisialta Bhaile Átha Cliath is mó a bhí aithne air ag pobal na Gaeilge; tá fáil ar aistí staire leis in Comhar agus Feasta
Tá spéis freisin aige i Shelta, béarlagar na saor, Parlanay agus Romany.’ Tá saothar leis i gcló in Irish School Weekly, Scéala Éireann, Inniu, An Glór, An t-Éireannach, Ar Aghaidh, An Sagart, Béaloideas, Éigse agus Feasta
Tá ábhar aige freisin in Feasta, Celtica, Lochlann, Ériu
Bhí sé ina uachtarán tamall ar na Teaghlaigh Ghaelacha. Foilsíodh ailt leis in Ar Aghaidh, Comhar, An Glór, Inniu, Feasta, An Sagart, Hibernia, Scéala Éireann
D’éag Pádraig 30 Eanáir 1950 (Feasta, Márta 1950)
Tá cuntas iarbháis ag Seán Ó Coileáin in Feasta, Samhain 1989 agus deir sé gur ‘cailleadh a lán de shaibhreas na sean-mhuintire ina theannta’. Ba dhuine é den chúigear clainne a bhí ag Seán Dónaill Ó Cíobháin agus a bhean Máire de hÓra agus is i mBaile na Rátha, Dún Chaoin, Co
In Feasta, Márta 1987 tá suim (‘Billeog Chuimhne’) [q.v.] ar chuir sé i gcrích ag Seán Ó Lúing [q.v.]
In Comhar, Meitheamh 1996 tá ómós tugtha dó ag an eagarthóir, agus in Feasta, Iúil 1996 tá an óráid a thug Proinsias Mac Aonghusa ag a uaigh i nGráinseach an Déin, Baile Átha Cliath, 27 Aibreán 1996
Scríobhadh sé aistí in Feasta, Comhar, Capuchin Annual, Irish Travel agus sna nuachtáin
Tuairisc air in Feasta, Márta 1950
Cuntas ag Bearnárd Ó Dubhthaigh in Feasta, Samhain 1958.
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas maith cuimsitheach ag Brian Mac Giolla Phádraig [B4] ar an ardeaspag seo i gcló in Feasta, Aibreán agus Bealtaine 1957
In Feasta, Meán Fómhair 1972 bhí an aiste ‘Séamus Mac Cruitín’ i gcló ag Ó Fiannachta
Ó Broin ‘Peadar Ó Conaill 1755-1826: foclóirí agus fear léinn i gContae an Chláir’ in Feasta, Meitheamh 1977
Scríobh Tomás de Bhaldraithe cuntas air in Feasta, Deireadh Fómhair 1988
Bhí sé féin agus Norma mar theachtaí neamhoifigiúla ón gConradh chuig Feis Dhún na nGall i Meán Fómhair 1898 ( Fáinne an Lae 22 Deireadh Fómhair 1898) agus cuireadh i leith na beirte gur mhaith leo an Craoibhín a ruaigeadh as uachtaránacht an Chonartha agus an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] a chur ina áit (Feasta, Deireadh Fómhair 1988)
In Feasta, Iúil 1979, dúirt Staf Van Velthoven: ‘Um an dtaca seo [1944] bhí Proinsias beagnach bodhar ar fad (de bharr léasadh a fuair sé tráth ó phóilíní Mhic Choscair)’. Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ghnóthaigh sé céim le honóracha sa léann Ceilteach
Mac le Caoimhín is ea Kiev Connolly (Caoimhín MacDara Gearóid Ó Conghaile a rugadh i mBealach an Doirin 5 Aibreán 1956), an t-amhránaí a ghlac páirt ar son na hÉireann i gcomórtas amhránaíochta Eurofíse. Bhí an dán ‘Dom’ Athair’ i gcló in Feasta, Bealtaine 1951: ‘Ní thig liomsa cloch ná umha/ ná marmar plúrgheal/ D’ardú chun do chuimhnese,/ Ná fiú le ceol na mbuabhall/ Aire an tslua a dhíriú ar t’íbirtse./ Dreonn gach leac dá cruacht/ Is don cheol ní buan/ Ach in uair a sheinte amháin;/ Ach an fhaid a bheidh saoirfhir buach/ Sí a saoirse cumhdach do chuimhneacháin.’
Le Gaeilge a tógadh Séamus (Feasta, Márta 1964: ‘Tá an Ghaelic agam ón chliabhán, altú do Dhia ...’ – litir dar dáta 13 Eanáir 1926 chuig Muiris Ó Droighneáin[B2]) agus ba mhinic i dteach mhuintir a mháthar é
‘Ní raibh Eibhlín ach 17 mbliana nuair a tháinig sí [go Cill Chainnigh]; ní raibh aon Bhéarla aici agus dá bhrí sin b’éigean di leathbhliain a chaitheamh á fhoghlaim ag Clochar na Toirbhirte sula bhféadfadh sí tosnú ar Ghaeilge a mhúineadh’ (Seán Ó Briain, ‘Obair na hAthbheochana i gCill Chainnigh’, Feasta, Bealtaine 1993)
Ar feadh scór bliain bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge, mar bhall den Choiste Gnó, mar thimire lánaimseartha ó 1946 amach – an chéad duine dár ceapadh le fiche bliain – agus mar an chéad eagarthóir ar iris an Chonartha, Feasta
Gheofar tuairim faoin mheas a bhí ag filí eile na Dámhscoile air in Feasta, Feabhra 1953
Tá léirithe i réimse an tsaothair sin gur dhuine ar leith Torna, mar a dúirt An Seabhac (Feasta, Nollaig 1949), sa mhéid nár bháigh an scoláireacht ‘an Torna bunaidh, an Torna dúchais a fáisceadh as traidisiúin scoláireachta an tseansaoil.’ An chéad dán leis dá bhfuil i gcló, ‘Iarghnó ar bhás Sheagháin Pléimionn’, foilsíodh é i mí an Mhárta 1896 in Irisleabhar na Gaedhilge
D’éag sé i Nua-Eabhrac ar 21 Iúil 1924. Tá aiste le Breandán Ó Buachalla ar a shaothar i Meiriceá le fáil in Feasta, Nollaig 1964
Tá an bunscéal i gcló in Traits and stories of the Irish peasantry, Imleabhar a 4, (1843-44). Tá eolas breise ina thaobh ag Pádraig Ó Baoighill in ‘Scríbhneoir as Glinnte Aontroma’, Feasta, Deireadh Fómhair 1988
In aiste ar Thomás in Feasta, Eanáir 1956, dúirt Séamas Daltún faoin bhfiontar sin: ‘Thugadh Tomás cuid mhaith dá chreidiúint do dhaoine eile, ach níl aon amhras nach iad a éirimí féin le haghaidh na hoibre a thug críoch fhónta air
Tá eolas i dtaobh an chaoi ar chaith an Gúm le leabhar dá chuid ag Tomás de Bhaldraithe in ‘Seosamh Daibhéid agus cuid dá chairde’ (Feasta, Deireadh Fómhair 1988). Dúirt Muiris Ó Droighneáin faoin mBeirneach gurbh é ‘an Gaeilgeoir is bríomhaire Gaeilge i gConnachta’ é
I gcuntas fada a scríobh Tomás Ó Láimhín (Feasta, Iúil 1952) dúirt sé: ‘Fear beag dathúil deachumtha a bhí ann, é fial, flaithiúil fé mar ba dhual do Cheallach’.
Scríobh Bearnard Ó Dubhthaigh cuntas ar a shaol in Feasta, Meitheamh 1956.
Ba spéis leis go háirithe na bealaí ina bhféachfaí chuige go raibh Gaeilge ar eolas ag aon duine a cheapfadh na boird sin. Deir Tadhg Ó Concheanainn (Feasta, Márta 1959): ‘Ba mhinic a tháinig na Dúchrónaigh chun a thí leis an íde chéanna a thabhairt dó, b’fhéidir, is thugadar do shagart Gaelach eile – an tAthair Ó Gríofa – dúnmharú danartha agus uaigh portaigh
Wood-engraved blocks for a publication in his native language proved his masterly application of art to industrial purpose’. Deir Eibhlín Ní Chathalriabhaigh in Feasta, Márta 1969, gur chaith sé tréimhse mar phríomhoide i Scoil na nEalaíon i Manchain sular tháinig sé abhaile go hÉirinn agus go raibh Oscar dhá bhliain d’aois nuair a d’éag sé
Tá cuntais ar a shaothar i gCill Scíre ag Eoghan Ó Ceallaigh in Feasta, Eanáir 1951 agus ina leabhar An dá thaobh, 1968 a d’fhoilsigh an Clóchomhar.
Níorbh aon ionadh gur roghnaíodh é mar bhall painéil sa chlár teilifíse ‘Late Late Show’ nuair a thosaigh sé 6 Iúil 1962, éacht mor fadsaolaí ag duine a chuaigh ar shochraid Eoghain Uí Ghramhna trí scór bliain roimhe sin. Scríobh Proinsias Mac Aonghusa agus Art Ó Beoláin, beirt a raibh aithne mhaith acu air, portráidí in Feasta, Meán Fómhair 1988, céad bliain i ndiaidh a bhreithe. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
I 1908 a cuireadh tús le pinsean na seanaoise agus b’fhéidir gur ag súil leis an gcabhair sin a theacht faoi 1914 a bhí an fear bocht. Dar le Brian Mac Giolla Phádraig san aiste ar bhunaitheoirí an Chonartha in Feasta, Márta 1956, go mbíodh Pádraig ag cabhrú le Diarmuid Seosamh Mac Suibhne [q.v
Tá cuntas ar an gcás ag Seán Mac Mathúna faoin teideal ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ in Feasta, Samhain 1979
The background to the Irish version of the Constitution, and particularly Micheál Ó Gríobhtha’s contribution, is the subject of a comprehensive article, published in Feasta (Deireadh Fómhair 1988) by ..
Bhí daonnacht, caoimhe, umhlacht agus uaisle ann’, dúirt Micheál Mac Cárthaigh in Feasta, Iúil 1965
Scríobh Máirín Ní Mhuiríosa tuairisc fhada mheáite (Feasta, Márta-Aibreán 1969)
Bhí baint mhór aige le Feasta ó 1947
Lean sí uirthi ag taighde i dtaobh na gceannródaithe seo agus tá cuid de thoradh na hoibre sin le fáil in Feasta
(1968) agus ar Feasta (Feabhra 1970)
Sna 1950idí, bhíodh aistí i gcló aige ar cheart na Gaeilge in Feasta faoin teideal ‘Ceart nó mícheart?'
Tá cur síos ag Aindrias Ó Muimhneacháin ar an obair a rinneadh ann in Feasta, Iúil 1954. Bhronn an tAthair PeadarCorn Liam Uí Bhriain ar Thadhg i 1903
Bhí Tomás ar a shuaimhneas ann fad is a mhair sé - ar feadh 25 bliana” (Feasta Iúil 1973 “Tomás Bairéad: spléachadh ar an bhfear agus ar a shaothar”, le Pádraic Breathnach). I 1973 foilsíodh As an nGéibheann: Litreacha chuig Tomás Bairéad
Bhí sí ag cabhrú le hEoin Mac Néill chun An Claidheamh Soluis a thabhairt amach. Bhí litir ó Liam Ó Maolruanaí i seilbh Dhonncha Uí Shúilleabháin (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) i dtaobh Norma agus P
Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhuigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912, a raibh d’aidhm aige cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú d’fhonn cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach, ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis[q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in Barr Bua 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc sin in Feasta, Feabhra 1978)
Ó 1887 go dtí 1889 bhí sé ag freastal ar mheánscoil Chnoc Mhellerí agus ar Choláiste Naomh Eoin i bPort Láirge as sin go dtí 1891. In aiste in Feasta, Márta 1964 tá an sliocht seo as litir a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin: “I Meán Fómhair 1891 chuaigh mé go Maigh Nuad mar ar chaith mé cúig bliana nach mór
Deirtear freisin go raibh sé ina bhreitheamh sna cúirteanna Poblachtacha. Tá cuntais ar a bheatha agus a shaothar in Feasta, Meán Fómhair 1963, ag Bearnard Ó Dubhthaigh, agus ag Séamus Ó Cnáimhsí, Nollaig Mac Congáil, Séamus Mac Giolla Uain agus Risteárd Ó Glaisne in Éigse 1988: Seán Mac Meanman (Coiscéim)
Deir Fiachra Éilgeach (Feasta, Meán Fómhair 1949) gur chaith sé tamall i gcoláiste leictreachais agus go raibh poist a bhain le leictreachas aige i Madrid agus i Havre de Gras
Scríobh an tAthair Tadhg Ó Murchú cuntas ar a shaol in Feasta Feabhra 1961. Slighe an eólais (1923) ba mhó a chuir a ainm i mbéal an phobail bhí sé ar an oiread sin cúrsaí scoile
Chaith sé a shaol ag bailiú agus ag scaipeadh eolais ar ábhair a bhain, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le stair, le teanga agus le litríocht na nGael”, a dúirt Máirín Ní Mhuiríosa faoi in Feasta Márta 1982. Sa tSráid Mhór i bhFiodh Ard, Co
I gcuntas fada in Feasta (Samhain 1970) deir Pádraig Ó Cléirigh gur le linn dó bheith sa chathair sin a chonaic Tomás an Ghaeilge i gcló den chéad uair riamh san iris An Gaodhal a d’fhoilsíodh Micheál Ó Lócháin
Ba é an chéad leide den easaontas úd le Conradh na GaeilgeNorma Borthwick agus Pádraig Mac Cathmhaoil bheith ag iarraidh feachtas a chur ar bun in 1898 chun Ó Domhnaill a chur in áit an Chraoibhín mar uachtarán (Feasta, Deireadh Fómhair 1988, I
In Feasta mhí an Mhárta 1964 bhí alt i gcló ag Muiris i dtaobh cuid de na freagraí a tugadh ar an gceistneoir a chuir sé timpeall
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 “B’é an chéad duine é a léirigh conas staidéar ealaíonta a dhéanamh ar fhoghraíocht na Gaeilge”, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin in aiste i dtaobh Choláiste na Mumhan (Feasta, mí Iúil 1954). I Lower Indigo, Barnawatha, Victoria, an Astráil, a rugadh é ar 18 Samhain 1865 de réir chlár na mbaistí i Chiltern, Victoria
Cnuasaíodh a chuid aistí agus scéalta in Clocha Sgáil (1930) agus in Timcheall Chinn Sléibhe (1933). Scríobh Tomás Luibhéid [q.v.] aiste ina thaobh in Feasta Samhain 1977: “Strapaire d’fhear scafánta ba ea é ina mheánaois, é leathanghuailleach, deásheasaimh, uaisleacht agus uaibhreacht ina chló agus é ag cur an bhóthair de le maorgacht phrionsa ..
I Samhain 1989, céad bliain i ndiaidh a bhreithe, bhí Féile “Mháire” ar siúl i Rann na Feirste agus bhí aistí beathaisnéise i gcló in Anois (19 Samhain) ag Risteárd Ó Glaisne agus an Dr Damien Ó Muirí, agus in Feasta ag Risteárd Ó Glaisne
Dúirt sé freisin gur ar éigean go raibh duine i Sráid na Cathrach nó sa dúiche ina thimpeall gan Gaeilge a bheith aige agus lá aonaigh nó margaidh gurbh i nGaeilge ar fad a dhéantaí an díol agus an ceannach agus gach gnó eile (Feasta, Márta 1964). Ar 1 Samhain 1866 a rugadh é
Thuairmigh Brian Mac Giolla Phádraig in Feasta, Márta 1956 gur i rang Éamoinn Uí Ógáin i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a casadh Eoin Mac Néill air
Foilsíodh eagrán speisialta de Feasta le hómós dó i mBealtaine 1989
Ach is é Craobh Lios na bhFiann, Sráid Rosemary, an chraobh den Chonradh is minice a luaitear í gcás Éamoinn. Dar le Brian Mac Giolla Phádraig (Feasta, Lúnasa 1956) agus le Eleanor Knott (Éigse 8, 1956/7) gurbh ó Bheirt Fhear (Séamus Ó Dubhghaill) a d’fhoghlaim sé an teanga
Rinne Brian Mac Giolla Phádraig talamh slán de, geall leis, go mba chléireach sna Ceithre Chúirt é (‘Bunaitheoirí an Chonartha’, Feasta, Márta 1956). Dúirt Brian go mba chainteoir dúchais Gaeilge é agus bhí deis ag Brian ó 1909 ar aghaidh bualadh le go leor Gaeilgeoirí a raibh aithne acu ar Shéamus
Tá cuntas ar Labhrás agus ar a thuairimi sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 20 Aibreán 1957 agus ag Conchubhar Ó Cuileanáin [q.v.] in Feasta, Aibreán 1958.
in Feasta, Nollaig 1979)
I measc na ndaoine eile a mhol go hard é bhí Breandán Ó hEithir in Feasta, Iúil 1967, Mac Liammóir agus Earnán de Blaghd[q.v.] in Inniu 23 Meitheamh 1967 agus Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Iúil 1967. Ba í a bhean chéile Bríghid a bhí freagrach go príomhdha ó thús i ngné na heagarthóireachta de shaothar Sháirséal agus Dill
In Feasta, Meitheamh 1953, scríobh Séamas Ó Súilleabháin, bainisteoir Oifig Díolta Foilseachán Rialtais, faoi shiopa Mháire: ‘Os do chomhair sa tsiopa bhí na céadta foilseachán éagsúla Gaeilge agus bhraith tú caradas agus cineáltas san atmosféar an túisce a thug tú cuaird air
‘Bhuail an lá sin buille ar shláinte Thomáis nár tháinig sé amach as go ceann i bhfad’, a scríobh Seán Ó Criomhthain in Feasta, Eanáir 1957 i dtaobh bhá Dhónaill
Bhíodh pinginí beaga le fáil aige as ranganna Gaeilge a mhúineadh sa cheantar agus bhíodh aistí aige in Scéala Éireann, Evening Press, Réalt an Deiscirt, Feasta
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais filíochta — foilsíodh roinnt dá dhánta in Feasta
Tá alt moltach in Feasta Iúil 1981 ag ‘An Gabha Gaelach’.
Bhreac Seosamh Ó Dálaigh, bailitheoir, a chuimhní pearsanta air in Feasta, Lúnasa 1980
Tá aiste ina thaobh in Feasta, Iúil 1961.
In aiste in Feasta, Iúil 1993, deir Pádraig Ó Baoighill go raibh Gaeilge Thír Chonaill aige chomh líofa le cainteoir dúchais ar bith
Tá cuntas Mhichíl ar an eachtra ba bhun leis an dráma sin in Feasta, Bealtaine 1955. Faoi 1911 bhí cónaí ar an teaghlach ag 18 Bóthar Obar Chúirnidh agus Seán a líon isteach an fhoirm i nGaeilge. I 1913 d’iarr sé in Irish Worker go dtabharfaí tacaíocht airgid do Scoil Éanna agus toghadh é ina rúnaí ag Coiste Cuimhneacháin Wolfe Tone
Tá cuntais air, in Inniu 9 Deireadh Fómhair 1965, ag Risteárd Ó Glaisne in Feasta, Eanáir 1983 agus ag Roger Blaney in Presbyterians and the Irish Language, 1996
Scríobh Séamus Ó hEocha[q.v.] faoi in Feasta, Márta 1951: ‘Buachaill breá lúbach láidir ba ea an Stócach, údar cliste agus file binn-ghlórach ach do ghoill cruatan na hoibre ar a shláinte agus fé raibh 27 mbliana slán aige fuair sé bás agus cuireadh sa Teampall Geal é le hais Dún Garbhán’.
Dar le Pádraig Ó Nuatáin (Feasta, Bealtaine 1963) go mba chléireach é i siopa mór i gCorcaigh
Cuireadh é i Reilig Fhionnbharra i gCorcaigh. Scríobh Seán Mac Gearailt (Uachtarán Chonradh na Gaeilge 1945-46, 1952-55) faoi in Feasta, Deireadh Fómhair 1965: ‘Fear séimh cneasta a bhí ann ach bhí sé ullamh chun cáil an Chonartha agus ceart na Gaeilge a chosaint le fuinneamh am ar bith a raibh feidhm lena leithéid
Bhí sé orthu sin ba mhó ba bhunúdar le ról tábhachtach na státseirbhíseach sin in obair na hathbheochana: ba é a tharraing a chomhghleacaithe Seán Ó Catháin [B1] agus Seán Ó Ciarghusa [B2] isteach i gConradh na Gaeilge (Seán Ó Ciarghusa faoin ainm ‘Leac Logha’ in The Leader 13 Feabhra 1937 agus faoin ainm ‘Marbhán’ in Feasta, Meán Fómhair, 1950) I nDrom Cara, Cill Barra, paróiste Uíbh Laoghaire, a rugadh é ar 13 Aibreán 1869
In alt in Feasta, Aibreán 2002 deir Nollaig Mac Congáil go raibh an dá Dhomhnall i gceist in obair seo an aistriúcháin agus nach raibh a fhios cé mhéid den obair a rinne ceachtar díobh
Rinne sé moltóireacht ag an gcéad Oireachtas. Rinne Lil Nic Dhonnchadha tagairtí dó sa chomhrá a bhí aici le Risteárd Ó Glaisne (Feasta, Meitheamh 1989): ‘“ministir eile, Séamus Ó Murchadha, a bhí ina ollamh Gaeilge
Tá an tagairt seo dó in alt dar teideal ‘An chéad bhliain i saol an Chonartha’ ag Conchubhar Ó Cuileanáin in Feasta, Aibreán 1956: ‘Fuair Craig [Séamus Ó Creag B3] post mar mhúinteoir i Scoil na mBráthar i dTiobraid Árann agus ghlac Micheál Ó Nia [Neville] cúram an ranga air fhéin
Do bhí Vendryes ar an gcéad duine a fháiltigh roimh leabhar Thurneysen agus a thug cothrom molta dhó’ (Feasta, Aibreán 1960). Bhí a ainm in airde mar theangeolaí
In Feasta, Nollaig 1956, dúradh faoi: ‘Cúrsaí samhraidh, dáil léinn, fleá drámaíochta, coiste na bpáistí, craobh nua den Chonradh, dráma nua, ceoldráma nua, deich bpíosaí filíochta—bheadh an méid sin agus breis ag fiuchadh ina cheann in éineacht’
Binchy; aiste ag Brian Ó Cuív in Feasta, Aibreán 1993
Ceart go leor, shíl Máire Mhac an tSaoi (Feasta, Meán Fómhair 1954) gur scríobh sé línte nach náireodh Raiftearaí [q.v.]
Tá cuntas ag Risteard Ó Glaisne ar a chomhráití le Lil, a raibh tagairtí go leor do Shéamus iontu, in Feasta, Aibreán, Meitheamh, Samhain agus Nollaig 1989
Is le stíl agus dearcadh na hirise sin is mó a bhaineann aiste Phádraig Uí Shnodaigh in Feasta, Iúil 1982, eisiúint speisialta ómóis céad bliain i ndiaidh a bhreithe, a bhfuil aistí inti freisin ag Seán Mac Stiofáin, an Gabha Gaelach, Deasún Breatnach agus A
Áiríonn Brian Mac Giolla Phádraig é (Feasta, Márta 1956) i measc na mbunaitheoirí nach raibh aon Ghaeilge acu
Tá aiste faoi Thadhg, ‘Údar Ultach atá imithe uainn’ i gcló ag Seán Ua Cearnaigh in Feasta, Samhain 1982, agus aiste ar a shaothar cruthaitheach ag Gearóid Ó Casaide in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990 in eagar ag Nollaig Mac Congáil.
‘An bhliain sin is ea a d’fhoilsigh sé “Adhlacadh mo mháthar”; agus is é ócáid an dáin seo, a déarfainn, a d’fhuascail an fhéith ann, a leag cibé bacanna teanga nó síceolaíochta a bhí á chosc, a thug neart dó scaoileadh le samhailteacha as íochtar a aigne; a chuir air cumasc a dhéanamh, faoi strus, idir na gnéithe iasachta agus na gnéithe dúchais atá ina chuid filíochta’ (Seán Ó Tuama, Filí faoi sceimhle ...). Nuair a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill a chéad chnuasach, Eireaball spideoige, 1952, ghoill léirmheas Mháire Mhac an tSaoi (Feasta, Márta 1953) air, agus ghoillfeadh go ceann i bhfad
Ag cruinniú (Pádraig Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhuigh Ráth, Baile Átha Cliath, ar 2 Aibreán 1912, a tionóladh d’aonturas chun cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú d’fhonn cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach, ba é Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamon Cuirtéis [q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in Barr Buadh 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc in Feasta, Feabhra 1978)
Bhí Eoghan Ó Ceallaigh ina ghasúr scoile agus ba chuimhin leis Pilib go maith (Feasta, Márta 1953): ‘Fear de mheánairde, portúil, lúfar aiclí, a bhí ann, folt ciardhubh aige, éadan leathan, dhá shúil bheoga, féith an ghrinn le feiscint ina cheannaithe, is é gléasta i gculaith bréidín den chéad scoth’