Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Dúirt Proinsias Mac Cana (Comhar, Nollaig 1953), ag tagairt dá Early Irish history and mythology: “Scríobh an Rathileach an leabhar is tábhachtaí dá bhfuil ann faoi litríocht na Gaeilge agus is féidir liom céim eile a thabhairt gan eagla mo bhréagnaithe agus a rá gurbh é féin an fear ba mhó agus ba leithne eolas ar réimsí fada léinn na Gaeilge”. Rugadh Tomás Ó Rathile ar 11 Samhain 1882 ag 6, An Chearnóg, Lios Tuathail, Co ··· Deirtear gur fhoilsigh sé cuid dá leabhair le cabhair a phóca féin. Ba iad na leabhair a scríobh sé: Dánta grádha (1916); Papers on Irish idiom (1920); Dánfhocail (1921); A miscellany of Irish proverbs (1922); Búrdúin bheaga (1925); Dánta grádha, eagrán méadaithe (1926); Measgra dánta (1927); Desiderius (1941); Irish dialects past and present (1932); The Goidels and their predecessors (1936); The Two Patricks (1942); agus, ar ndóigh, Early Irish history and mythology (1946)