Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Scríobhadh sé aistí in An Camán i 1933 agus ba mhinic an t-ainm pinn ‘Fear Ó Laoghaire’ lena dhéantús anseo is ansiúd. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge: i 1936 bhí sé ina rúnaí ar chraobh Bhaile Nóra; chaith seal ina rúnaí ar ghasra Inis Eonáin den Fháinne—é féin agus Pilib Ó Laoghaire[q.v.] a bhunaigh an gasra sin i 1934; ceapadh é ina rúnaí ar Chomhairle Chontae An Fháinne i gCorcaigh ··· Deireadh sé go bhfuair sé greim ar ‘nós na rúnaíochta’ nuair a chaith sé tamall ina rúnaí ar choiste Chontae Bhaile Átha Cliath den Chonradh agus tamall gairid ag gníomhú mar rúnaí ar Ard-Ghasra an Fháinne ··· Air a thit trom na hoibre a bhain leis an Leabhar Cuimhne (in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin) nuair a bhí Iubhaile Órga an Chonartha á chomóradh agus ba cheann dá chúraimí deireanacha an comóradh a rinneadh ar Eoghan Ó Gramhnaigh [B4] a stiúradh ··· Bhí sé i bpost sin an Chonartha gur ceapadh é ina leabharlannaí cúnta i Scéala Éireann i 1949 ··· Tuairiscíodh in Amárach 7 Feabhra 1961 cúis dlí a bheith idir é agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath: ní raibh siad ábalta leagan Gaeilge de na foirmeacha a bhain leis na rátaí a cur ar fáil. I 1943 phós sé Caitlín Máire Ní Uallacháin a bhí seal ina rúnaí ar an gConradh i Luimneach