Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Agus í ag trácht ar an gcéad chnuasach filíochta a d’fhoilsigh Siobhán Ní Shúilleabháin, Cnuasach trá, dúirt Máire Mhac an tSaoi: She has established herself, to my mind, as the authentic voice of the unjustly maligned forties and fifties in this island; certainly the voice of those who enthusiastically espoused the cause of the Irish language; even more certainly of those of us who were women ··· Maidir le leabhair do dhaoine fásta, scríobh sí Cití (1975), dráma; Ospidéal (1980), úrscéal; Í siúd (1999), cnuasach gearrscéalta; Cnuasach trá (2000), filíocht; Píosa pósadh, prátaí rósta (2001), úrscéal; Marach an phóg san (2002), úrscéal; Ar nós na bhfáinleog (2004), úrscéal. Ar mhéad a bróid agus a diongbháilteachta as canúint Chorca Dhuibhne, ní go réidh a ghéilleadh sí d’aon eagarthóireacht a dhéantaí ar a saothar agus é á ullmhú don chló ··· Thug Máire Mhac an tSaoi an-suntas don acmhainn teanga a bhí ag Ní Shúilleabháin ina léirmheas siúd ar Cnuasach trá (2000): ‘Siobhan’s Irish is not simplistic; it is rich, sometimes dialectal; almost – so personal is it – idiolectal’ (2000:93) ··· Lena chois sin, d’aithin Mhac an tSaoi rithim agus éirim chaint Ghaeltacht Chiarraí, idir bhéim agus amas, ar liricí Ní Shúilleabháin agus b’eagal léi go n-imeodh an glór dúchasach sin in éag nuair a bheadh glúin Ní Shúilleabháin imithe ar shlí na fírinne. Ba thréith aitheanta i saothar Ní Shúilleabháin í peirspictíocht na mban a bheith in uachtar, rud ar thug Mhac an tSaoi suntas dó ina léirmheas ar Cnuasach trá (2000)