Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 27
Thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig Tomás Ó Máille [B3], eagarthóir An Stoc, go gairid tar éis gur athbhunaíodh an iris sin i 1923 ··· Bhí litir a scríobh a chara Séamus Mac An Iomaire [B4] i gcló in An Stoc, Samhain/Nollaig 1926: ‘Casadh Seosamh Daibhéid orm agus is geanúil cóir carthannach an duine é ··· In Bliainiris 6, 2006 tá litir i gcló ag Ruairí Ó hUiginn a scríobh Máirtín Ó Cadhain chuig Daibhéid ó Rannóg an Aistriúcháin 19 Meán Fómhair 1951 agus an abairt seo ann: ‘Agus ós tú féin an duine is mó eolas ar Ghaeilge Chonamara dá bhfuil beo anois (agus ní “de thógáil Mheiriocá” amháin) – is go hómósach agus go heolgach a deirim sin – cén fáth nach scríobhfá rud eicínt?’ Chuir sé foclóirín le haiste le Séamus Mac an Iomaire in An Stoc, Bealtaine 1928
Sholáthair sé dánta in An Stoc 1927-30 ach is de dhéantús Raiftearaí agus Chonnachtach eile a bhformhór ··· I measc na ndánta a chum sé tá caoineadh ar Phádraic in An Stoc, Samhain 1928
Seachas de Hindeberg [B2] is beag má bhí aon scoláire Gaeilge eile san am a raibh seilbh aige ar chaint na Gaeltachta agus ar an scoláireacht nua eolaíoch araon mar a bhí ag Tomás. Dúirt Pádhraic Ó Domhnalláin [B2] ina thaobh: ‘Do shiúil sé Gaeltacht agus breac Ghaeltacht Chonnacht ag éisteacht le sean fhondúirí ag friotal leo go binn gur bhailigh ar chuala sé d’fhoghair is d’fhuama is de leagain snoite snasta, gur mhínigh a raibh d’idirdhealú is d’ildhéanamh ó dheas agus ó thuaidh, thoir is thiar, ag baint leo is go ndearna a gcur i gcomórtas agus i gcomparáid lena macasamhail i dteangacha i gcéin agus i gcomhgar agus sin go heolgasach ealaíonta trí chumas na Gaeilge féin, go bhfuil a éargna sin againn i leabhar ríthábhachtach dar teideal Urlabhraidheacht [Urlabhraidheacht agus graiméar na Gaedhilge, 1927], leabhar a bhéas mar lia os a leacht go bráth’ (Scéala Éireann 17 Eanáir 1938). Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc ··· air i 1928. I measc na leabhar eile a scríobh sé nó ar chuir sé eagar orthu tá: The language of the Annals of Ulster, 1910; Amhráin Chearbhalláin, 1916; An ghaoth aniar, 1920, giotaí as An Stoc; Mac Dathó, 1924; Micheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe, 1934; An béal beo 1936; An tIomaire Rua: Cogadh na Saoirse i dtuaisceart Chonamara, 1939 (athchló 2007)
Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc
In alt i dtaobh an chnuasaigh sin in An Stoc, Márta 1926, dúradh: ‘Bhíodh agus atá fós, is dócha, suas le leathchéad fonn i gceann Philib agus ní raibh seanphaidir ná ortha dá ndúradh i gContae Mhaigh Eo ó Phádraic anall nach mbíodh aige
Bhí aistí, scéalta agus amhráin i gcló aige in An Stoc idir 1919 agus 1926
Sholáthraíodh sé amhráin a bhí bailithe aige do An Connachtach, An Claidheamh Soluis, An Stoc..
Bhí sé ina stiúrthóir ar an iris An Stoc agus i 1931 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise Ar Aghaidh, é ina eagarthóir ar feadh i bhfad
Tá sé curtha san Uaimh. Bhí aistí i gcló aige ó 1924 ar aghaidh in Irisleabhar Mhaigh Nuad, Éigse, Bonaventura, An Camán, An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Guth na nGaedheal, An Gaedheal...
Is ar an mbonn go príomha gur thug an leabhar seo cothrom na Féinne do Ghaeilge Chonnacht a mhol An Stoc é
Faoin teideal ‘Gael galánta ar lár’ bhí aiste ina thaobh in An Stoc, Iúil-Lúnasa 1929.
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1924 í a bheith ina ball de Chomhairle an Fháinne. Ceapadh Seán Beaumont[B1] ina rúnaí ar Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus d’fhostaigh sé í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais a bheith ina múinteoirí sna scoileanna a bhí faoina chúram (Éamon Ó Ciosáin, An t-Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta, 1993). Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An tÉireannach, An Scuab, An Chearnóg...
I 1904 bhí sé ag soláthar corramhrán do An Claidheamh Soluis agus ó 1918 amach ag scríobh idir aistí agus scéalta do An Stoc, Misneach, Fáinne an Lae, Catholic Bulletin, An Phoblacht agus Ar Aghaidh
Ó 1914 go 1923 bhí sé ina Ollamh le hOideachas i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh. Bhí sé ar bhunaitheoirí An Stoc agus ina bhainisteoir air
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 7 Nollaig 1957, dúirt sé go raibh Gaeilge agus Béarla aige ón gcliabhán ach gurbh í an Ghaeilge ba mhó a bhí á labhairt sa cheantar le linn a óige. Bhí aiste aige in An Connachtach chomh fada siar le 1907 agus scríobhadh sé freisin in An Stoc, An Sguab, Iris an Fháinne, Ar Aghaidh agus The United Irishman
Cuireadh sochraid mhór air agus labhair an tAthair Mathúin Ó Riain agus Cathal Brugha [q.v.] ag an uaigh. In eagarfhocal in An Stoc dúradh: “An 17ú lá de Bhealtaine seo caitheadh tugadh ar siúl é mar is é a bhí ina threoraí agus ina chraobh chosanta do mhuintir a cheantair féin ar an-reacht Gall
“General merchant” an cur síos ar shlí bheatha an athar sa teastas breithe agus deir Tomás Ó Concheanainn (An Stoc, Bealtaine 1930) go raibh gnó mórdhíola síoda aige agus cuid mhór de mhaoin an tsaoil
Scríobhadh sé ailt in Scéala Éireann, An Stoc, An Branar, Ar Aghaidh, Misneach ..
Scríobhadh sé scéalta in An Stoc 1925–8 (faoin ainm Tomás Ó Mannacháin)
Bhíodh aistí aige in Sinn Féin , An Claidheamh Soluis, An Stoc timpeall an ama sin. Bhí baint aige le Sinn Féin beagnach óna thús agus bhí sé sna hÓglaigh
Bhíodh scéalta do pháistí, arbh aistriúcháin cuid díobh, i gcló aige in An Stoc sna blianta 1924-26
Mar aguisín in Gaeltacht Ráth Cairn tá ‘Cosnaítear an Creideamh: Chuala tú faoi Ráth Cairn?’, bileog a chuir Séamus Ó Tuathail amach, agus tá ainm Chriostóra i measc na sínitheoirí. Bhí sé ag scríobh ó 1926 amach agus ailt agus scéalta aige in The Irish Tribune, An Stoc, Ar Aghaidh, An Phoblacht, An t-Éireannach
Ó 1910 amach bhíodh aistí aige in irisí mar An Claidheamh Soluis, An Branar, An Síoladóir, An Stoc, Irisleabhar Mhá Nuad, Galway Historical and Archaeological Society Journal, Irish Book Lover, An t-Éireannach
Is i rith na tréimhse i nGaillimh a thosaigh sé ag scríobh agus pléann Mac Craith an prós a scríobh sé, ón gcéad phíosa in An Stoc, Márta 1931 anuas go 1938, 14 píosa ar fad, an chuid is mó díobh in Ar Aghaidh; taispeánann sé go bhfuil ‘snáth leanúnach aontachta idir na chéad aistí próis agus ceapadóireacht fhileata Uí Dhireáin.’ Bhí sé ina rúnaí ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge i nGaillimh
San iris sin, in Ar Aghaidh, in Tús a’ Phota, in An Stoc agus in An t-Irisleabhar a d’fhoilsítí a dhéantús
na Gaillimhe, agus bhíodh amhráin a bhailigh sé agus dánta agus scéalta a d’aistrigh sé i gcló ó 1930 ar aghaidh in Gearrbhaile, Ar Aghaidh, An Stoc, An Phoblacht, The Standard...
Bhí aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann idir 1923 agus 1930. I 1921 dódh beairic Thuar Mhic Éadaigh