Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí a uncail Cathal ina rúnaí ag Feis Chonnacht i 1908; faoi 1917 bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag tacú le Pádraic Ó Conaire [B2] chun An Ridireacht Liteartha a bhunú d’fhonn cabhrú leis an scríbhneoireacht Ghaeilge (An Claidheamh Soluis 21 Aibreán 1917). Níor thosaigh Eoghan ar an nGaeilge a fhoghlaim go raibh sé 13 bliain d’aois nuair a d’fhreastail sé ar rang oíche ar feadh sé mhí sula ndeachaigh sé go meánscoil na mBráithre Críostaí, Cathair na Mart, i 1922; ní raibh aon Ghaeilge ag múinteoir Scoil Lainn Chille ··· I Scoil na mBráithre, Cathair na Mart, a bhí an chéad phost mar mhúinteoir aige agus ina dhiaidh sin chaith sé 43 bliain ina phríomhoide i gCnoc Rúscaí in aice le Cathair na Mart