Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 24
Ag na Bráithre Críostaí i Sráid Bhrunswick Thuaidh agus i Scoil Uí Chonaill a fuair sé oideachas. Faoi 1908 bhí sé ag freastal ar cheithre rang éagsúla in Ard-Chraobh an Chonartha agus bhí Sinéad Ní Fhlannagáin ar dhuine de na múinteoirí a bhí aige ··· Bhí sé ar scoil i Sráid na Trá agus Scoil Uí Chonaill ··· Bhí sé ina mhúinteoir i Scoil Uí Chonaill agus san Ómaigh sular thosaigh sé ag teagasc matamaitice trí Ghaeilge i Scoil na mBráithre, Dún Dealgan ··· Chaith sé 25 bliana ann agus d’fhill ar Scoil Uí Chonaill tuairim 1953
Tháinig an teaghlach chun cónaithe i mBaile Átha Cliath agus d’fhreastail Leon ar Scoil Iosaif, Marino, agus ar Scoil Uí Chonaill ··· Bhí sé ag múineadh i Scoil Uí Chonaill ar dtús agus ansin i Scoil Chainnigh, an scoil náisiúnta a bhí bainteach le Scoil Uí Chonaill
Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí in éineacht le Liam Ó Maolruanaidh[B3] agus Art Ó Gríofa i Scoil na Trá agus arís i Scoil Uí Chonaill le Liam Ó Maolruanaidh ··· Fuair sé post múinteora sa Royal Hibernian Military Academy tar éis dó Scoil Uí Chonaill a fhágáil
Chaith sé tamall i Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath agus is ansin a thug sé a phroifisiún deiridh ··· Chaith sé seacht mbliana déag i Scoil Uí Chonaill
Deir Ó Cearúil: ‘Fathach fir ba ea Austin Grace, a chaith breis is daichead bliain i Scoil Uí Chonaill agus é i mbun oiliúint ghairmiúil na n-earcach agus páirt aige i ngach aon ghné de shaothar na Cuallachta.’ In 1839 nuair a bhí bráithre Scoil Shráid Risteamain beo bocht glaodh abhaile air agus d’eagraigh sé bailiúchán seachtainiúil ó dhoras go doras
Idir 1939 agus 1954 bhí tamaill caite aige ag múineadh i Scoil Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, i gColáiste Mhic Cairthinn agus in Ardscoil Fhionntain i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath
I Scoil Uí Chonaill a bhí sé sular chaith sé tamall de bhlianta leis na Doiminicigh i Voiron in aice le Grenoble na Fraince agus é ar intinn aige bheith ina shagart. Ar ais in Éirinn dó bhí sé ag múineadh Fraincise i gColáiste an Droichid Nua agus ansin tamall maith ina chléireach ag muintir Carton, easportálaithe uibheacha
Cuireadh oideachas air i Scoil Éanna agus i Scoil Uí Chonaill
Ar Scoil Uí Chonaill, scoil a bhí an uair sin ag na Bráithre Críostaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, a bhí sé sula ndeachaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
D’aistrigh sé ansin chuig Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath agus, ina dhiaidh sin, bhain céim BA amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath tuairim 1891 agus d’fhreastail Éamonn ar Scoil Uí Chonaill
Ar scoil i nDroim Conrach agus Scoil Uí Chonaill agus ansin i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath
Chaith sé tamall i Scoil Uí Chonaill sula bhfuair sé post cúntóra sa Leabharlann Náisiúnta. Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach go luath ina shaol agus ansin i gCumann na nGael agus sa Chomhairle Náisiúnta
Tar éis bunscolaíochta cuireadh go Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath é agus is le linn dó a bheith ann, tuairim 1914, a cheangail sé leis na hÓglaigh
Chaith sé tamaill ag múineadh i bhFionnradharc, Scoil Uí Chonaill, Baile Dúill, Dún Garbhán, Sráid Synge, Glas Naíon, Dún Dealgan, Luimneach, i gCaisleán Droimeanaigh, agus sa Ráth
Buachaill cliste ba ea é agus i Scoil Uí Conaill bhuaigh sé scoláireacht John Sweetman [q.v.] go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Bhí sé ag obair anseo is ansiúd ar fud na hÉireann: i gCeanannas Mór, i mBóthar na Trá i nGaillimh, i gCaisleán Dhroimeanaigh, Fionnradharc, Scoil Uí Chonaill agus Coláiste Mhuire (Cearnóg Pharnell) i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan agus san Iúr
Cuireadh oideachas air i Scoil Uí Chonaill agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ba í Sinéad Ní Fhlannagáin múinteoir na Craoibhe agus is uaithi mar sin a bhí Liam ag foghlaim Gaeilge ar dtús. Bhí sé ar scoil ag Siúracha an Chreidimh Naofa agus ansin i Scoil Uí Chonaill
Nuair a d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath bhí sé ag freastal ar Scoil Uí Chonaill sular chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath
Bhí sé pósta ar Mharia Ní Longáin, iníon leis an scríobhai Seosamh, gariníon leis an bhfile Micheál óg Ó Longáin. Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamain Thuaidh agus ansin sa tsean-Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ag na Bráithre Críostaí i Scoil Uí Chonaill a bhí sé ar scoil
Lean cairdeas chlann Uí Ógáin le clann P.W.Joyce[q.v.], príomhoide na Modhscoile, ar feadh i bhfad. Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamainn (Scoil Uí Chonaill) agus fuair an chéad áit in Éirinn sa Ghrád Sóisearach
Fuair an t-athair bás in Eanáir 1906. Bhí Liam ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid na Trá agus i Scoil Uí Chonaill