Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Tá fáil ar chuimse acu i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ba as Machaire Rabhartaigh dá athair, John Mhicí Óig 'ac Géidigh, a phós Mary Jeaic Shéamuis William Mhic Gonagail as an Ailt, an Ardaidh Bheag i nGort an Choirce, áit a raibh siad i mbun feirmeoireachta agus áit ar thóg siad ceathrar clainne, Anne, Jack, Micheál agus an té ab óige acu sin, Séamus, a saolaíodh i mí Lúnasa 1961. D’fhreastail Séamus ar Scoil Náisiúnta Chnoc na Naomh i nDoire Chonaire agus ina dhiaidh sin ar Phobalscoil Chloich Chionnaola ··· Bhí baint mhór aige leis an bhfeachtas a d’fhág cóiriú déanta ar an teach inar rugadh údar an leabhair Rotha mór an tsaoil, Micí Mac Gabhann, i nDoire Chonaire, cóiriú a fhágann go bhfuil an teach anois díreach mar a bhí nuair a saolaíodh Mac Gabhann ansiúd in 1865. Chaith Séamus Mac Géidigh na blianta freisin ar choiste bainistíochta Scoil Náisiúnta Dhoire Chonaire, fiú agus a chlann féin críochnaithe leis an mbunscolaíocht