Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
I scoil náisiúnta Chill Phéacáin a bhí sé ar dtús sular cuireadh é chun scoil an Chárthainn ‘mar a mbíodh rang ar siúl do ógánaigh ar mhian leo dul le múinteoireacht’ (‘Dónal Ó Loingsigh, file agus oide’ leis an mBráthair Peadar Ó Loingsigh in Déirdre, Feabhra 1972). Bhí sé ansin ina mhac léinn ar feadh tamaill agus tamall eile ina mhonatóir sula ndeachaigh sé chuig an gColáiste Oiliúna i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath