Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Níorbh iontas nuair a rinne sé freastal ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ina dhiaidh sin (ó 1976 go 1979) gur ar an stair, ar an bpolaitíocht agus ar an mBéarla a dhírigh sé. Thug sé scaitheamh ag múineadh i Scoil Náisiúnta Bhaile Shéamais Dhuibh i gContae an Chabháin, ach ba sa phríomhchathair agus sa cheantar máguaird a chaith sé an chuid is mó dá shaol múinteoireachta – i Scoil Cholmcille, Sráid Mhaolbhríde (Scoil Chaoimhín mar atá anois), Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, agus Scoil agus Coláiste na Toirbhirte, Bré, Co