Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Dúirt Ó Duibhginn: ‘Más mó a shaothraigh aon fhear eile ná é riamh ar son na teanga agus an chultúir dhúchais, ní heol dom é’. D’aithníodh na mílte a ghuth nuair a léadh sé amach na hathruithe foirne agus fógraí eile ag na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh. Bhí sé ina Phríomhoide i Scoil Fhionnbharra Naofa, Cabrach, Baile Átha Cliath, nuair a d’éag sé san oifig ann ar 30 Meitheamh 1967.