Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Ba é an duine ab óige de sheachtar é, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní. Go raibh sé bliana déag caite aige, nach mór, bhí sé ag freastal ar Scoil na bhForbacha
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Aill an Phréacháin, na Forbacha, i gConamara, a saolaíodh Diarmaid Ó Gráinne ar 10 Bealtaine 1950 agus cé go mba i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin i gContae Ros Comáin a chaith sé bunáite a shaoil mar dhuine fásta, d’fhág a thógáil agus an ceantar as ar fáisceadh é rian láidir ar a chuid scríbhneoireachta, a bhí breactha leis an gcaint shaibhir, nádúrtha a bhí cloiste aige óna mhuintir agus óna chuid comharsan. Ba é Diarmaid an dara duine ab óige de sheachtar clainne, ceathrar mac (Pádraig, Stiofán, Diarmaid, Máirtín) agus triúr iníonacha (Máire, Nuala, Sorcha), a bhí ag a thuismitheoirí – Diarmaid (Dairbe) Ó Gráinne, feirmeoir beag as Aill an Phréacháin agus ag a bhean, Siobhán (Júidín Steif) Breathnach as an mBaile Ard ar an Spidéal. D’fhreastail Diarmaid ar Scoil Náisiúnta na bhForbacha