Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 8
Ní raibh aon Bhéarla aige go ndeachaigh sé go dtí Scoil Shailearna ar an gCnoc
Cuireadh bunoideachas air i Scoil Shailearna agus bhí ann gur chríochnaigh sé san ochtú rang
Bhíodh na hamhráin le cloisteáil amuigh is istigh.’ Thaifead sí féin amhráin ó Shorcha nuair a bhí sise 82 bliain d’aois agus thóg Jean Ritchie, bailtheoir clúiteach as Meiriceá, amhráin uaithi agus gan amhras ó Mháire Áine féin. I mbunscoil Sailearna agus i gClochar na Trócaire, Tuaim, a cuireadh oideachas uirthi
I ndiaidh bunoideachais i Scoil Sailearna is fearr a bhí léamh agus scríobh na Gaeilge ná an Bhéarla aige agus lean sé den léitheoireacht ar feadh a shaoil
Bhí sé ar Scoil Shailearna, na hAille, go raibh sé 13 bliana d’aois
Bhí sé ag múineadh i scoil na mBráithre Críostaí i mBaile Thiobraid Árann 1926-27, i Scoil Sailearna, Cnoc na hAille (1927-36), i Scoil na Tulaí (1936-41) agus i Scoil Cholm Cille, Na Doireadha / Ros a’ Mhil (1941-73)
Cuireadh bunoideachas air i Scoil Shailearna sna hAille agus meánoideachas i gColáiste Cholm Cille, Indreabhán
Bhí ceathrar deirfiúracha ag Tom a bhí níos sine ná é agus deartháir agus triúr deirfiúracha ní b’óige. D’fhreastail Tom ar Scoil Náisiúnta Sailearna i bParóiste an Chnoic agus nuair a bhí a théarma istigh sa rang ab airde ansiúd, chuaigh sé a chúnamh dá athair ag saothrú an ghabháltais, sa gharraí, sa chladach, ar an sliabh agus ar an phortach. Obair ab ea í a raibh an-luí aige léi agus de réir mar a bhí sé ag éirí aníos, bhí sé ag bailiú an eolais a roinn sé go minic ina dhiaidh sin le héisteoirí Raidió na Gaeltachta, nuair a tháinig an stáisiún sin ar an aer in 1972