Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Fearacht bhunáite mhuintir Acla ní raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh. D’fhreastail Seán ar Scoil Náisiúnta Bhéal Feirste agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil Dhamhnait i nGob an Choire, áit a ndearna sé scrúdú na hArdteistiméireachta in 1956