Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 10
Sa tsamhradh go minic mhúineadh sé i gColáiste Charman, Guaire, idir 1938 agus 1947 agus i gColáiste Bhéal Átha an Ghaorthaidh i 1948 agus 1952. Taobh amuigh den mhúinteoireacht bhí trí rud ar chaith sé a dhícheall agus a dhúthracht leo: Craobh an Chéitinnigh; obair raidió; Scoil Lorcáin ··· Dó is mó a thugtar an chreidiúint gur osclaíodh Scoil Lorcáin in Áras an Bhaile sa Charraig Dhubh ar 15 Meán Fómhair 1952. Bhí sé pósta ar Fhionnghuala Ní Dhálaigh, deirfiúr le Cearbhall Ó Dálaigh
Bhí sí ina hoide i Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ó bunaíodh í ··· Ina bandia a bhí sí ag na naíonáin i Scoil Lorcáin, agus ba fhonnmhar a ghlac siad leis an nGaeilge uaithi...
Chaith sé tamall ag teagasc i Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath, a bhí ar cheann de na Gaelscoileanna ba thúisce a bunaíodh sa tír, agus go gairid tar éis dó dul ag obair le RTÉ in 1959, d’aistrigh an craoltóir náisiúnta a cheanncheathrú as Sráid Anraí go Domhnach Broc, le tabhairt faoin gcraoladh teilifíse agus faoi shníomh na Gaeilge agus an Ghaelachais tríd sin agus tríd an gcraoladh raidió ··· In 1967 bhí a dheartháir Mícheál ar fhoireann na Mí a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann sa pheil. I gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a oileadh Pádraig mar mhúinteoir agus tar éis an tamaill sin a chaitheamh i mbun na ceirde i bPort Láirge, fuair sé post i Scoil Lorcáin, áit ar mhúin sé Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin a bhain cáil amach ina dhiaidh sin leis an ngrúpa ceoil The Hothouse Flowers. Ba le linn dó a bheith i bPort Láirge a chas a bhean, Clár Nic Cárthaigh, air
Bhí sé ina chisteoir ag coiste na dtuismitheoirí a chuir Scoil Lorcáin ar bun i 1952
Bhí buime acu ón gCeathrú Rua, Gaeilge a labhraítí sa teach agus cuireadh Donnacha go dtí Scoil Lorcáin
Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a bhunaigh Scoil Lorcáin
Bhí sé ina shéiplíneach ag Clochar an Linbh Naofa i gCill Iníon Léinín agus ag Scoil Lorcáin, agus ina uachtarán ar Chumann na Sagart i ndeireadh na 1960idí
Bhí baint aige i 1952 le bunú Scoil Lorcáin, ceann de na chéad Ghaelscoileanna, agus bhí ina chathaoirleach ar choiste na scoile sin tamall
I measc na múinteoirí a fuair sí ann roimpi bhí Máire Ní Chathaláin, a bheadh ina príomhoide i Scoil Lorcáin, agus Máire Ní Cheallacháin, iníon le David O’Callaghan [B4], múinteoir cáiliúil Árann, a bheadh ina príomhoide sa scoil ar feadh 1944-50
Níorbh í an Ghaeilge teanga an tí, ach ba chuid dá saol í. Bhí Gaeilge mhaith scoile ag Liam, ach tháinig splanc léargais chuige nuair a thosaigh a pháistí ag freastal ar Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus go raibh an chéad bheirt ag teacht abhaile le scéalta beaga agus dánta acu ó Bhean Uí Chadhain, bean chéile Mháirtín